Cistí margaidh airgid
ACHOIMRE AR
Rialachán (AE) 2017/1131 maidir le cistí margaidh airgid
CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?
Bunaítear leis rialacha an Aontais Eorpaigh (AE) chun cistí margaidh airgid* a dhéanamh (CMAnna) níos athléimní agus níos fearr ábalta turraingí margaidh a sheasamh. Déantar seo trí rialacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le ceanglais stuama, rialachas agus trédhearcacht do bhainisteoirí na CMAnna.
PRÍOMHPHOINTÍ
Tá feidhm ag an reachtaíocht maidir le gach CMA a bhainistítear agus/nó a chuirtear ar an margadh in AE. Tá dhá chineál CMAnna ann:
- glanluach sócmhainní athraitheach (GSA), a bhraitheann den chuid is mó ar luaineachtaí margaidh;
- fiachas náisiúnta ar ghlanluach seasmhach é a shócmhainní (CNAV),a fhéachann le praghas seasta a choinneáil do gach scair;
- glanluach sócmhainní le luaineacht íseal (LVNAV) — catagóir nua CMAnna a d’fhéafadh praghas seasta a thabhairt faoi choinníollacha dochta agus riachtanais leachtachta níos airde.
Ceanglaítear leis ar CMAnna sócmhainní leachtacha leordhóthanacha a bheith acu chun freastal ar aon infheistíocht a tharraingítear siar go tobann.
- Ní mór ar a laghad 10% de shócmhainní a aibíonn laistigh d’aon lá amháin agus 30% a aibíonn laistigh de sheachtain amháin (i.e. le haisíoc ag an eisitheoir) a bheith i seilbh na n–íseal-luaineachtaí glanluacha sócmhainní agus na nglanluachanna sócmhainní seasmhacha.
- Ní mór ar a laghad 7.5 % de shócmhainní a aibíonn laistigh de 1 seachtain amháin agus 15% a aibíonn laistigh de 1 seachtain amháin a bheith i seilbh na nglanluachanna sócmhainní athraitheacha.
Tugtar isteach leis rialacha maidir le héagsúlú punann agus luacháil na sócmhainní. Ní cheadaítear do CMA níos mó ná na méideanna seo a leanas a infheistiú:
- 5 % dá shócmhainní in ionstraimí margaidh airgid arna n–eisiúint ag an gcomhlacht céanna;
- 10% dá shócmhainní i dtaiscí arna ndéanamh leis na forais chreidmheasa chéanna;
- 17.5 % in CMAnna eile, d’fhonn infheistíochtaí ciorclacha a chosc.
Leagtar síos leis an rialachán:
- teorainn 15% ar chomhaontuithe athcheannaigh droim ar ais* leis an gcontrapháirtí céanna;
- Teorainneacha sonracha do bhannaí faoi chumhdach.
Coisceann sé CMAnna ó aon chúnamh airgeadais a fháil ó institiúidí eile, bainc go háirithe.
Ina theannta sin ceanglaítear ar bhainisteoirí cistí CMAnna leis an méid seo a leanas:
- nósanna imeachta stuama maidir le measúnú cáilíochta a dhéanamh ar infheistíochtaí ionchasacha;
- a bheith ar an eolas maidir le gníomhaíochtaí a n–infheisteoirí;
- an fhaisnéis fhaireachais chuí a sholáthar do na húdaráis ábhartha.
Ní mór don Choimisiún Eorpach athbhreithniú a dhéanamh ar an reachtaíocht faoin 21 Iúil 2022.
Gníomharthacur chun feidhme agus tarmligthe
- Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/708 leagtar síos caighdeáin theicniúla maidir leis an teimpléad atá le húsáid ag bainisteoirí CMAnna agus iad ag tuairisciú d’údaráis inniúla, mar a shonraítear in Airteagal 37 de Rialachán (AE) 2017/1131.
- Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/990 leasaítear agus forlíontar Rialachán (AE) 2017/1131 maidir le hurrúsuithe simplí trédhearcacha caighdeánaithe agus páipéir tráchtála sócmhainn-bhunaithe, ceanglais maidir le sócmhainní a fhaightear mar chuid de chomhaontuithe athcheannaigh droim ar ais agus modheolaíochtaí maidir le measúnú ar cháilíocht chreidmheasa.
- Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1383 leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/990 maidir le ceanglais do shócmhainní a fhaigheann CMAnna mar chuid de chomhaontuithe athcheannaigh droim ar ais.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?
Tá sé i bhfeidhm ón 21 Iúil 2018, cé is moite de roinnt rialacha atá i bhfeidhm ón 20 Iúil 2017 (Airteagail 11(4), 15(7), 22 agus 37(4)). Tá feidhm iomlán aige maidir le cistí ar gá dóibh a rialacha a athrú ón 21 Eanáir 2019 (Airteagal 44).
CÚLRA
- Úsáidtear CMAnna den chuid is mó mar mhalairt ar thaiscí i mbainc d’fhonn airgead breise a infheistiú le haghaidh tréimhsí gairide. Cuireann siad ar chumas infheisteoirí a gcuid sealúchas airgeadais a éagsúlú, ag ceadú dóibh iad sin a ghnóthú ar fhógra gearr ag an am céanna. In AE, bainistítear sócmhainní sa chiste de thart ar €1 trilliún a úsáidtear chun an fíorgheilleagar a mhaoiniú.
- Féadfaidh fuadar ar chistí, áfach, a bheith mar thoradh ar shuaitheadh margaidh, mar a chonacthas leis an ngéarchéim airgeadais in 2007/2008 agus níos déanaí i Márta 2020. Má thosaíonn grúpaí móra infheisteoirí ag aistarraingt a gcuid airgid, féadfaidh daoine eile ar fud AE amhlaidh a dhéanamh ina theannta sin, rud a dhéanfadh díobháil don chóras airgeadais.
- I reachtaíocht AE leantar de na rudaí céanna a rinne an G20 grúpa de na tíortha tionsclaithe agus an Bord um Chobhsaíocht Airgeadais d’fhonn maoirseacht agus rialáil an chórais scáthbhaincéireachta a neartú.
- Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
PRÍOMHTHÉARMAÍ
Ciste margaidh airgid. Ciste frithpháirteach óna n–eisítear scaireanna chuig infheisteoirí lena ngníomhaíochtaí a mhaoiniú.
Comhaontú athcheannaigh droim ar ais. Comhaontú athcheannaigh droim ar ais: i gcás go n–aontaíonn ceannaitheoir urrús iad a dhíol ar ais ag praghas comhaontaithe ar dháta faoi leith.
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Rialachán (AE) 2017/1131 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le cistí margaidh airgid (IO L 169, 30.6.2017, lgh. 8-45).
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 2017/1131 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/708 ón gCoimisiún an 17 Aibreán 2018 lena leagtar síos na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme maidir leis an teimpléad atá le húsáid ag bainisteoirí cistí margaidh airgeadais nuair atá tuairisciú á dhéánamh do na húdaráis inniúla de réir Airteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 2017/1131 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 119, 15.5.2018, lgh. 5-28).
Nuashonraithe 16.11.2021