Tá cáil mhór ar fud an domhain ar an Camino de Santiago de Compostela, nó Conair Shéamuis Naofa - an tsiúlóid choisricthe sa Spáinn le bealaí éagsúla ar fud na hEorpa atá ag tarraingt ar Santiago de Compostela in iarthuaisceart na Spáinne, áit a gcreidtear go bhfuil Naomh Séamas curtha. Is dócha gurb é Camino de Santiago an cosán oilithreachta is clúití ar domhan, mórbhealach oilithrigh ársa i dtuaisceart na Spáinne.[1][2]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtCamino de Santiago
Íomhá
Map
 42°52′50″N 8°32′38″W / 42.880561°N 8.543889°W / 42.880561; -8.543889
Cineálbealach oilithrigh
cosán fad-achair Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósNaomh Séamus, mac Zeibidé Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Spáinn, an Phortaingéil, an Fhrainc, an Iodáil, Lucsamburg, an Bheilg, an Ghearmáin, an Eilvéis, an Ostair, an Pholainn, Poblacht na Seice, an Ríocht Aontaithe, an Ísiltír, an tSlóivéin agus an Ungáir Cuir in eagar ar Wikidata
Mór-roinnan Eoraip Cuir in eagar ar Wikidata
SpriocArdeaglais Santiago de Compostela Cuir in eagar ar Wikidata
Codanna
Oidhreacht chultúrtha
Bien de Interés Cultural
AitheantóirRI-53-0000035-00017

Sa bhliain 1171, d'iarr Anraí II Shasana pas coimirce ar Fernando II, Rí León, lena bhóthar a réiteach go Santiago. Tá gach dealramh ar an scéal gur leagadh an oilithreacht mar phionós air in éiric dhúnmharú Thomas Becket.[3]

Is fada an bhaint atá ag na Gaeil leis an oilithreacht go Santiago de Compostela.[1] [3]

Eagraíocht

cuir in eagar

Croíchuid den Camino de Santiago ná an pas "sello", cruthúnas gur thaistil an t-oilithreach ó áit go háit. Is éard is sello ann ná cruthúnas gur thaistil an peregrino, mar a thugtar ar oilithrigh an Camino, ó áit go háit (‘stampa’ sa Spáinnis ach úsáidtear an focal Spáinnise is cuma cén teanga atáthar a labhairt). Ag deireadh na hoilithreachta, i gcathair naofa Santiago, grinnítear an credencial (pas oilithrigh) agus bronntar compostela (teastas) ar an perigrino.[4]

Bíonn sello le fáil i ngach séipéal, mainistir, clochar, agus ardeaglais, ach is féidir ceann a fháil san albergues (brúnna óige oilithreach), sna caiféanna agus sna bialanna freisin.

Síneann cúpla conair éagsúil trasna na Spáinne: Camino del Norte (An Chonair Thuaidh), Camino Inglés (Conair na Sasanach), Camino Primitivo, Camino Francés (Conair na bhFrancach) agus Camino Portugés (Conair na bPortaingéalach) i measc eile.[4]

Féach freisin

cuir in eagar

Maitiú Ó Coimín - Dialann 2024

cuir in eagar
  • "Is fearr mo leabhar sínithe agus stampaí ná Instagram"[4]
  • "Nuair a bhíonn an vino tinto istigh, bíonn sé ina rírá ceart i seomra coitinn na n-oilithreach"[5]
  • "Ní mór na ceathrúna agus colpaí a bheith réitithe do dhreapadh bhóithre cúnga an Camino".[6]

Naisc sheachtracha

cuir in eagar
  1. 1.0 1.1 Liam Ó Muirthile. "Oilithreach pinn" (ga-IE). Cló Iar-Chonnacht. Dáta rochtana: 2022-07-25.
  2. Slí San Séamas go Santiago: Cuid II. An tUltach 93 (5), 16-17. Brighid Mhic Sheáin. Bealtaine 2016
  3. 3.0 3.1 Micheál de Barra (2007). "An bóthar go Santiago" (ga-IE). Cló Iar-Chonnacht. Dáta rochtana: 2022-07-06.
  4. 4.0 4.1 4.2 Maitiú Ó Coimín (23 Aibreán 2024). "Is fearr mo leabhar sínithe agus stampaí ná Instagram" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-04-23.
  5. Maitiú Ó Coimín (26 Aibreán 2024). "Nuair a bhíonn an vino tinto istigh, bíonn sé ina rírá ceart i seomra coitinn na n-oilithreach" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-05-01.
  6. Maitiú Ó Coimín (1 Bealtaine 2024). "Ní mór na ceathrúna agus colpaí a bheith réitithe do dhreapadh bhóithre cúnga an Camino" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-05-01.
  7. "Camino Society Ireland - All about the Camino de Santiago" (en). caminosociety. Dáta rochtana: 2024-05-01.