Is é an ceiriam dúil uimhir a 58, agus is í an tsiombail a sheasann dó sna foirmlí ceimiceacha ná Ce. Ceann de na lantanóidigh é, agus mar sin, rangaítear ar na tearcithreacha é, ach níl sé chomh tearc sin - le fírinne, is é an lantanóideach is flúirsí ar an Domhan é. Cosúil leis na miotail tearc-chré eile, tá sé ar fáil sa bhastnaeisít agus sa mhonaisít. Fuair sé a ainm ó Ceiréas, an t-abhacphláinéad.

WD Bosca Sonraí Dúil CheimiceachCeiriam

Cuir in eagar ar Wikidata
Substaint cheimiceachdúil cheimiceach
Ceiriam sa tábla peiriadach
Siombail cheimiceachCe
Uimhir adamhach58
Mais adamhach140.116
Peiriad, Grúpalantanóidigh
peiread 6
Airíonna fisiceacha
Dlúskg/m⁻³
Leictridhiúltacht1.12
Ga ianach1.01, 1.14, 1.25, 1.34, 0.87, 0.97, 1.07 agus 1.14
Stair
AimsitheoirMartin Heinrich Klaproth agus Jöns Jakob Berzelius
Fionnachtain1804
EapainmCeres

Is iomaí leas a bhaintear as sa tionsclaíocht agus san innealtóireacht. Cuirtear trí-ocsaíd dé-cheiriam, nó Ce2O3 le breosla díosail leis an dóiteán inmheánach a chatalú agus foirmiú na haonocsaíde carbóin CO a chosc. Maidir leis an dé-ocsaíd ceiriam, CeO2, úsáidtear é le snas agus loinnir a chur ar na lionsaí optúla. Is féidir ocsaídí ceiriam a mheascadh tríd an ngloine féin, nó athraíonn siad comhéifeacht athraonta na gloine. Níl anseo ach cúpla sampla de chomh húsáideach is a bhíonn an ceiriam, dáiríre, nó is dúil ardtábhachtach é san innealtóireacht.

Miotal is ea é a bhfuil loinnir an airgid ann, ach is dí-ocsaídeoir láidir é agus é araiciseach chun imoibriúcháin leis na substaintí eile. Mar sin, tagann smúit ocsaíde air go sciobtha agus é ag imoibriú le hocsaigin an aeir. Níl ról ná páirt aige i mbithcheimic an orgánaigh, ach ní féidir a rá gur nimh láidir chumhachtach a bheadh ann ach an oiread. Scéal eile ar fad é go mbíonn céatadán éigin den tóiriam radaighníomhach measctha tríd an gceiriam a bhíonn ar díol, rud a chuireann le nimhiúlacht an cheiriam, ar ndóigh.

Tá ceiriam an dúlra comhdhéanta as ceithre iseatóp: ceiriam a 136 (0.185 % den cheiriam nádúrtha), ceiriam a 138 (0.251 %), ceiriam 140 (88.45 %) agus ceiriam a 142 (11.114 %).[1] Tugann na teoiricí le fios gur féidir go bhfuil na hiseatóip 136Ce agus 142Ce radaighníomhach - go dtagann béite-mheath dúbailte orthu - ach níor aithin aon duine radaíocht ar bith ag teacht astu, agus mar sin, más radaighníomhach féin atá siad, níl tábhacht phraiticiúil ar bith leis an radaighníomhaíocht sin - tá an leathré chomh fada.

Is iad na staideanna ocsaídiúcháin is tábhachtaí atá ag an gceiriam ina chuid comhdhúl ná +3 agus +4. Bíonn dath láidir dearg nó buí sna comhdhúile ceireacha (ina bhfuil an uimhir ocsaídiúcháin + 4 ag an gceiriam), agus na comhdhúile ceiriúla (+3) bíonn siad bán nó liath. Is í an ocsaíd cheireach, nó an dé-ocsaíd, CeO2, an chomhdhúil is coitianta. Amach ón dá staid ocsaídiúcháin sin, tá an uimhir ocsaídiúcháin +2 ag an gceiriam i gcúpla comhdhúil, mar atá, an dé-hidríd ceiriam CeH2, an aonsuilfíd ceiriam CeS, agus an dé-iaidíd ceiriam CeI2.

Tá an dá staid ocsaídiúcháin an-difriúil le chéile ó thaobh na bunatachta de: bun réasúnta láidir is ea ceiriam (III), cosúil le hiain thrífhiúsacha na lantanóideach eile, ach is bun sách lag é ceiriam (IV). Cuireann an dara staid ocsaídiúcháin ar chumas na gceimiceoirí an ceiriam a dhealú ó na lantanóidigh eile cuibheasach furasta.

Naisc sheachtracha

cuir in eagar