Jump to content

An difríocht idir athruithe ar: "Benjamin Franklin"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
mNo edit summary
Líne 25: Líne 25:
==Taistealaí==
==Taistealaí==
Thug Benjamin Franklin cuairt ar [[Éire|Éireann]] sa bhliain 1771. Shroich sé [[Baile Átha Cliath]] ar an [[5 Meán Fómhair]] [[1771]]. Chuir an bochtanas in Éirinn iontas air<ref>
Thug Benjamin Franklin cuairt ar [[Éire|Éireann]] sa bhliain 1771. Shroich sé [[Baile Átha Cliath]] ar an [[5 Meán Fómhair]] [[1771]]. Chuir an bochtanas in Éirinn iontas air<ref>
"Benjamin Franklin in Scotland and Ireland", by J. Bennett Nolan (1956) ar [http://www.amazon.com/Benjamin-Franklin-Scotland-Ireland-1759/dp/B000856JMU Amazon]</ref>.
"Benjamin Franklin in Scotland and Ireland", by J. Bennett Nolan (UoP 1938) 1512805033 agus (1956) ar [http://www.amazon.com/Benjamin-Franklin-Scotland-Ireland-1759/dp/B000856JMU Amazon] </ref>.


== Féach freisin ==
== Féach freisin ==

Leagan ó 15:08, 17 Aibreán 2017

Benjamin Franklin

Duine d’Aithreacha Bunaithe na Stát Aontaithe ba ea Benjamin Franklin (17 Eanáir, 1706 [6 Eanáir, 1706 sa tseanstíl][1] – 17 Aibreán, 1790). Duine nótáilte na seacht mbua a bhí ann: clódóir, údar agus aorthóir, eolaí, polaiteoir,gníomhaire i saol an phobail, státaire agus taidhleoir. Bhí áit nár bheag dó san Eagnaíocht.

Mar eolaí, bhí suim ag Franklin i stair na fisice as a chuid fionnachtana agus teoiricí maidir leis an leictreachas.

Ar an 15 Meitheamh 1752, chruthaigh Benjamin Franklin go bhfuil aibhléis sa tintreach trí thurgnamh a dhéanamh le heitleoig agus le heochair. Mar sin, cheap Franklin an tslat thintrí

Clíomeolaíocht. Ceann de na luaththaighdeoirí aeráide ab ea Franklin. Mhapáil sé Sruth na Murascaille ar mhaithe le phost a chur ó na Stáit Aontaithe go dtí an Eoraip.

Benjamin Franklin agus an eochair Loxley

Am samhraidh. Mhol Franklin an beart ar dtús, chun sochar níos mó a bhaint as na huaireanta de sholas an lae le linn míonna an tsamhraidh.

Cheap Franklin an lionsa défhócasach, sorn "Franklin", odaiméadar le haghaidh carráistí, agus an “armonica” gloine.

Saol an phobail

D’eagraigh Franklin an chéad leabharlann iasachta phoiblí i Meiriceá. Chuir Franklin an chéad leabharlann phoiblí insna coilíneachtaí Meiriceánacha ar bun i bhPhiladelphia sa bhliain 1731.

D’eagraigh Franklin an chéad bhriogáid dóiteáin i bPennsylvania. Bhí sé ar na daoine ba thúisce a mhol aontacht na 13 coilíneacht, agus mar scríbhneoir agus ghníomhaí, thaobhaigh sé le coincheap náisiúin Meiriceánaigh.

Mar thaidhleoir le linn na Réabhlóide Meiriceánaí, dhaingnigh sé an chomhghuaillíocht leis an bhFrainc, rud a chuidigh go mór le neamhspleáchas na Stát Aontaithe a bhaint amach.

Benjamin Franklin in Scotland and Ireland, J. Bennet Noland, UoP (1938), 1512805033

Taistealaí

Thug Benjamin Franklin cuairt ar Éireann sa bhliain 1771. Shroich sé Baile Átha Cliath ar an 5 Meán Fómhair 1771. Chuir an bochtanas in Éirinn iontas air[2].

Féach freisin

Tagairtí

  1. Engber, Daniel (2006). What's Benjamin Franklin's Birthday?
  2. "Benjamin Franklin in Scotland and Ireland", by J. Bennett Nolan (UoP 1938) 1512805033 agus (1956) ar Amazon