Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022XC1208(01)

    Fógra ón gCoimisiún maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (an Rialachán maidir le rialuithe oifigiúla) 2022/C 467/02

    C/2022/8625

    IO C 467, 8.12.2022, p. 2–32 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    8.12.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 467/2


    FÓGRA ÓN GCOIMISIÚN

    maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

    (an Rialachán maidir le rialuithe oifigiúla)

    (2022/C 467/02)

    Tá sé beartaithe ag an bhfógra seo ón gCoimisiún cuidiú le húdaráis náisiúnta Rialachán (AE) 2017/625 a chur i bhfeidhm. Is í Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh amháin atá inniúil chun dlí an Aontais a léirmhíniú go húdarásach.

    CLÁR ÁBHAR

    GIORRÚCHÁIN 4
    RÉAMHRÁ 4

    1.

    TEIDEAL I — ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE 5

    1.1.

    Rialuithe Oifigiúla agus Gníomhaíochtaí Oifigiúla Eile (Airteagal 2 de OCR) 5

    2.

    TEIDEAL II RIALUITHE OIFIGIÚLA AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ OIFIGIÚLA EILE SNA BALLSTÁIT 13

    2.1.

    CAIBIDIL III — Cúraimí áirithe de chuid na n-údarás inniúil a tharmligean (Airteagail 28 go dtí 33 de OCR) 13

    2.1.1.

    Coinníollacha maidir le cúraimí áirithe i ndáil le rialú oifigiúil a tharmligean 13

    2.2.

    CAIBIDIL IV — Sampláil, Anailís, tástálacha agus diagnóisí (Airteagal 34 go dtí 42 de OCR) 14

    2.2.1.

    Modhanna a úsáidtear le haghaidh samplála, anailíse, tástálacha agus diagnóise (Airteagal 34 de OCR) 14

    2.2.2.

    An Dara Tuairim Shaineolach (Airteagal 35 de OCR) 18

    2.2.3.

    Saotharlanna oifigiúla (Airteagail 37 go dtí 42 de OCR) 21

    2.3.

    CAIBIDIL VI — Rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile a mhaoiniú (Airteagail 78 go dtí 85 de OCR) 24

    2.3.1.

    Maoiniú - rialacha ginearálta 24

    2.3.2.

    Táillí nó muirir éigeantacha 25

    2.3.3.

    Táillí nó muirir eile (nach bhfuil éigeantach) 25

    2.3.4.

    An leibhéal costas agus modhanna ríofa táillí nó muirear éigeantacha 25

    2.3.5.

    Trédhearcacht 27

    3.

    TEIDEAL III — SAOTHARLANNA TAGARTHA AGUS LÁRIONAID TAGARTHA 28

    3.1.

    Ainmniúchán agus raon feidhme an mhisin 28

    3.1.1.

    Saotharlanna tagartha an Aontais agus lárionaid tagartha an Aontais (Airteagail 92 go 99 de OCR) 28

    3.1.2.

    Saotharlanna tagartha náisiúnta (Airteagail 100 go 101 de OCR) 29

    3.2.

    Creidiúnú 29

    3.2.1.

    EURLanna (Airteagal 93 de OCR) agus NRLanna (Airteagal 100 de OCR) 29

    3.2.2.

    EURCanna (Airteagail 95 go dtí 98 de OCR) 30

    3.3.

    Oibleagáidí maidir le foilsiú agus fógra a thabhairt 30

    3.3.1.

    Liosta NRLanna 30

    3.3.2.

    Liosta EURLanna agus EURCanna 30

    3.3.3.

    Príobháideachas sonraí 31

    3.4.

    Tuairisciú agus rialuithe an Choimisiúin 31

    3.4.1.

    EURLanna agus EURCanna 31

    3.4.2.

    NRLanna 31

    GIORRÚCHÁIN

    BCP

    Post Rialaithe Teorann:

    Mar a shainmhínítear i bpointe 38 d’Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).

    CHED

    Doiciméad Coiteann um Shláinte ar Theacht isteach san Aontas:

    Dá dtagraítear in Airteagal 56 de Rialachán (AE) 2017/625.

    EURC

    Lárionad tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh

    EURL

    Saotharlann tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh

    AGPRC

    Anailís ghuaise agus pointí rialúcháin criticiúla

    NRL

    Saotharlann tagartha náisiúnta

    OC

    Rialú oifigiúil nó rialuithe oifigiúla

    OCR

    An Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla: Rialachán (AE) 2017/625

    WOAH

    Office international des epizooties — An Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe

    OOA

    Gníomhaíocht oifigiúil eile

    TRACES-NT

    TRACES New Technology:

    An córas ríomhairithe dá dtagraítear in Airteagal 133(4) de Rialachán (AE) 2017/625 chun sonraí, faisnéis agus doiciméid a mhalartú.

    RÉAMHRÁ

    Tá sé d’aidhm ag reachtaíocht maidir leis an slabhra agraibhia rioscaí a chosc agus gnéithe áirithe de cháilíocht táirgeachta ainmhithe agus earraí a chur chun cinn, le haghaidh tráchtearraí a thagann isteach san Aontas Eorpach agus na dtráchtearraí sin atá ar an margadh cheana féin. Chuir na Ballstáit córais rialaithe i bhfeidhm, lena bhfíoraítear comhlíontacht oibreoirí leis na ceanglais a leagtar amach sa reachtaíocht maidir leis an slabhra agraibhia.

    Is éard atá i Rialachán (AE) 2017/625 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí (an Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla — OCR) creat comhchuibhithe le haghaidh fheidhmiú na rialuithe agus na ngníomhaíochtaí oifigiúla sin feadh an tslabhra agraibhia iomláin.

    Ó dháta chur i bhfeidhm OCR, is iomaí uair a d’iarr na Ballstáit ar an gCoimisiún soiléirithe agus comhairle a sholáthar maidir le cur i bhfeidhm praiticiúil forálacha áirithe de OCR, mar aon le forálacha a leagtar síos i ngníomhartha cur chun feidhme nó tarmligthe arna nglacadh ar bhonn OCR. Is é is cuspóir don Fhógra seo ón gCoimisiún soiléirithe agus dea-chleachtais a thiomsú maidir leis na forálacha is mó a iarrtar chun rannchuidiú le tuiscint agus le cur i bhfeidhm comhchuibhithe ar na forálacha sin ó údaráis inniúla agus ó gheallsealbhóirí na mBallstát. Tá an fógra seo gan dochar d’inniúlacht eisiach Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh chun dlí an Aontais a léirmhíniú go húdarásach.

    1.   TEIDEAL I — ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

    1.1.   Rialuithe Oifigiúla agus Gníomhaíochtaí Oifigiúla Eile (Airteagal 2 de OCR)

    Le hAirteagal 2 de OCR sainmhínítear agus déantar idirdhealú idir “rialuithe oifigiúla” nó “gníomhaíochtaí oifigiúla eile” arna ndéanamh ag na húdaráis inniúla a ainmnítear i gcomhréir le hAirteagal 4 de OCR:

    Airteagal 2 de OCR

    Rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile

    1.   Chun críocha an Rialacháin seo, ciallaíonn “rialuithe oifigiúla” gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag na húdaráis inniúla, nó ag na comhlachtaí tarmligthe nó ag na daoine nádúrtha a ndearnadh cúraimí áirithe i ndáil le rialú oifigiúil a tharmligean chucu i gcomhréir leis an Rialachán seo chun an méid seo a leanas a fhíorú:

    (a)

    go gcomhlíonann na hoibreoirí an Rialachán seo agus na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2); agus

    (b)

    go gcomhlíonann ainmhithe nó táirgí na ceanglais a leagtar síos sna rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), lena n-áirítear maidir le deimhniú oifigiúil nó fianú oifigiúil a eisiúint.

    2.   Chun críocha an Rialacháin seo, ciallaíonn “gníomhaíochtaí oifigiúla eile” gníomhaíochtaí, seachas rialuithe oifigiúla, a dhéanann na húdaráis inniúla, nó na comhlachtaí tarmligthe nó na daoine nádúrtha a ndearnadh gníomhaíochtaí oifigiúla áirithe eile a tharmligean chucu i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), lena n-áirítear gníomhaíochtaí arb é is aidhm dóibh láithreacht galar ainmhithe nó lotnaidí plandaí a fhíorú, leathadh na ngalar ainmhithe sin nó na lotnaidí plandaí sin a chosc nó a smachtú, galair ainmhithe nó lotnaidí plandaí sin a dhíothú, údaruithe nó formheasanna a dheonú, agus deimhnithe oifigiúla nó fianuithe oifigiúla a eisiúint.

    Soláthraítear soiléirithe breise ar “gníomhaíochtaí oifigiúla eile” in aithris 25 de OCR:

    Aithris 25 de OCR

    Sa bhreis air sin, cuireann reachtaíocht an Aontais maidir leis an slabhra agraibhia cúraimí speisialaithe ar údaráis inniúla na mBallstát atá le déanamh chun sláinte ainmhithe, sláinte plandaí agus leas ainmhithe a chosaint agus chun an comhshaol a chosaint i ndáil le OGManna agus táirgí cosanta plandaí. Is gníomhaíochtaí chun leas an phobail iad na cúraimí sin a chaithfidh údaráis inniúla na mBallstát a dhéanamh d’fhonn aon ghuais a d’fhéadfadh teacht chun cinn do shláinte an duine, ainmhithe nó plandaí, do leas ainmhithe nó don chomhshaol freisin a dhíothú, a smachtú nó a laghdú. Na gníomhaíochtaí oifigiúla eile sin, lena n-áirítear deonú údaruithe nó formheasanna, faireachas agus faireachán eipidéimeolaíoch, díothú agus smachtú galar nó lotnaidí, mar aon le heisiúint deimhnithe nó fianuithe oifigiúla, rialaítear iad leis na rialacha earnálacha céanna a fhorfheidhmítear trí na rialuithe oifigiúla céanna agus dá bhrí sin leis an Rialachán seo.

    Tá tábhacht leis an idirdhealú sin, toisc go bhfuil feidhm ag rialacha agus ag coinníollacha éagsúla, ag brath ar cé acu atá gníomhaíocht ina “rialú oifigiúil” nó ina “gníomhaíocht oifigiúil eile”. Go háirithe, le hAirteagal 1(5) de OCR sonraítear cé na forálacha de OCR ag a bhfuil feidhm freisin maidir le gníomhaíochtaí oifigiúla eile agus, mar atoradh, cé na forálacha nach bhfuil feidhm acu ach maidir le rialuithe oifigiúla. Mar shampla, cé go bhfuil oibreoirí i dteideal an dara tuairim shaineolach maidir leis an tsampláil, leis an anailís, leis an tástáil nó leis an diagnóis arna ndéanamh ar a n-ainmhithe nó ar a n-earraí i gcomhthéacs rialuithe oifigiúla (Airteagal 35 de OCR), níl feidhm ag an gceart sin maidir le sampláil, anailís, tástáil ná diagnóis ainmhithe ná earraí i gcomhthéacs gníomhaíochtaí oifigiúla eile. Tá an t-idirdhealú idir rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile ábhartha freisin i ndáil le táillí agus le muirir éigeantacha a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 79 de OCR toisc nach bhfuil feidhm ag an bhforáil sin ach maidir le rialuithe oifigiúla seachas maidir le gníomhaíochtaí oifigiúla eile (féach freisin CHAPTER VI — Financing of official controls and of other official activities (Articles 78 — 85 of the OCR) thíos).

    Mar a shonraítear in Airteagal 2 de OCR, “rialuithe oifigiúla” agus “gníomhaíochtaí oifigiúla eile” araon, is é “údarás inniúil”, “comhlacht tarmligthe” (2) nó duine nádúrtha, a ndearnadh cúraimí áirithe i ndáil le rialú oifigiúil nó gníomhaíochtaí oifigiúla eile a tharmligean chucu i gcomhréir le OCR, a dhéanann iad. Le hAirteagal 2(1) de OCR sainmhínítear go ndéantar “rialuithe oifigiúla” chun fíorú a dhéanamh ar chomhlíontacht oibreoirí nó ainmhithe nó earraí (3) le OCR agus/nó leis na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de. Tugtar le tuiscint leis an sainmhíniú sin trí shaintréithe nach mór an méid seo a leanas a chomhlíonadh le gníomhaíocht an tráth céanna chun a mheas gur “rialú oifigiúil” í de réir bhrí OCR:

    Is é is cuspóir dó

    (i)

    fíorú a dhéanamh ar chomhlíontacht,

    (ii)

    oibreoirí nó ainmhithe nó earraí,

    (iii)

    le OCR agus/nó leis na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de.

    Mar shampla, maidir le pointe (i) thuas, cé go bhfuil an fíorú ar chomhlíontacht leis na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de OCR chun deimhniú oifigiúil nó fianú oifigiúil a eisiúint ina “rialú oifigiúil”, ní dhéantar eisiúint deimhnithe (ar bhonn rialú oifigiúil a dhéantar roimh an eisiúint) féin “chun comhlíontacht a fhíorú” agus dá bhrí sin “gníomhaíocht oifigiúil eile” atá ann.

    Maidir le pointe (ii) thuas, mar shampla, ní mheasfaí go bhfuil an fíorú ar chomhlíontacht an údaráis inniúil le rialacha OCR ina “rialú oifigiúil”, toisc nach bhfuil an “údarás inniúil” de réir bhrí Airteagal 3(3) de OCR ina “oibreoir” de réir bhrí Airteagal 3(29) den Rialachán sin. De réir analaí, fíoruithe ar chomhlíontacht saotharlann oifigiúil nó comhlachtaí tarmligthe le hoibleagáidí a bhunaítear in OCR, mheasfaí gur “gníomhaíochtaí oifigiúla eile” iad. Mar sin féin, leis na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de OCR, ní eisiatar go mbunaítear oibleagáidí leo le haghaidh na n-eintiteas sin agus, sa chás sin, d’fhéadfadh na heintitis sin cáiliú mar “oibreoirí” agus d’fhéadfadh fíoruithe ar chomhlíontacht leis na rialacha sin cáiliú dá bhrí sin mar “rialuithe oifigiúla”.

    Maidir le pointe (iii) thuas, mar shampla, seiceálacha comhlíontachta le rialacha seachas OCR agus an reachtaíocht maidir leis an slabhra agraibhia dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de OCR, mheasfaí nach “rialuithe oifigiúla” ná “gníomhaíochtaí oifigiúla eile” iad de réir bhrí Airteagal 2 de OCR.

    Go ginearálta, ba cheart a mheas gur cuid den ghníomhaíocht sin iad na bearta uile is gá chun gníomhaíocht a thabhairt i gcrích. Áirítear leis sin bearta doiciméadachta, amhail tuarascálacha rialaithe oifigiúil a scríobh nó an toradh ar ghníomhaíocht a thaifeadadh i gcórais leictreonacha (e.g. CHED a thabhairt i gcrích agus a shíniú). Os a choinne sin, mar shampla, is gníomhaíocht ar leithligh é eisiúint deimhnithe oifigiúil as a n-eascraíonn táirgeadh doiciméid lena bhfuil éifeacht dlí, rud atá bunaithe ar na torthaí ar rialú oifigiúil atá tugtha i gcrích agus doiciméadaithe, ach nach bhfuil cuid den rialú oifigiúil ann féin é. Ar na samplaí eile de “gníomhaíochtaí oifigiúla eile”, i gcomhréir leis na tuairimí a nocht na Ballstáit le linn OCR a dhréachtú agus le linn na bpléití sa Comhairle, tá:

    bainistíocht ar liostaí d’oibreoirí cláraithe/formheasta;

    treoraíocht/comhairle d’oibreoirí i dtaca le reachtaíocht an Aontais maidir leis an slabhra agraibhia agus lena cur chun feidhme;

    suirbhéanna maidir le láithreacht lotnaidí plandaí;

    faireachas chun galair ainmhithe a bhrath;

    imscrúduithe eipidéimeolaíochta ar ráigeanna bia-iompartha;

    fógra maidir le galair ainmhithe nó lotnaidí plandaí;

    díothú agus smachtú galar ainmhithe nó lotnaidí plandaí.

    I gcás inarb é a éiríonn as neamhchomhlíonadh bunaithe amhras faoi neamhchomhlíonta eile (Airteagal 137(2) de OCR) nó ina spreagtar imscrúduithe leis arb é is aidhm dóibh méid nó bunús an neamhchomhlíonta nó freagracht an oibreora a chinneadh (Airteagal 138(1)(a) de OCR), is é is aidhm do na gníomhaíochtaí sin iontu féin comhlíontacht a fhíorú agus ba cheart a mheas, dá bhrí sin, gur “rialuithe oifigiúla” iad.

    Féadfaidh gníomhaíochtaí áirithe a bheith ina rialuithe oifigiúla nó ina ngníomhaíochtaí oifigiúla eile, de réir a gcuspóra. Mar shampla, cáilíonn an fíorú ar láithreacht galair i gcomhthéacs clár díothúcháin mar “gníomhaíocht oifigiúil eile” i gcomhréir le hAirteagal 2(2) de OCR, cé gur féidir leis an bhfíorú ar láithreacht an ghalair chéanna a bheith ina “rialú oifigiúil”, má dhéantar é chun fíorú a dhéanamh ar comhlíontacht leis na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de OCR. Go háirithe, cuid de na modhanna agus de na teicnící le haghaidh rialuithe oifigiúla a luaitear in Airteagal 14 de OCR, úsáidtear go cothrom iad le linn faireachais agus imscrúduithe eipidéimeolaíocha (e.g. scrúdú ar dhoiciméid agus taifid inrianaitheachta, agallaimh, sampláil, anailís, diagnóis agus tástálacha, etc.). Le haghaidh na ngníomhaíochtaí sin, más gá, is féidir idirdhealú idir an dá chomhthéacs a dhéanamh bunaithe ar na saintréithe ar a dtugtar tuairisc thuas.

    Áirítear samplaí praiticiúla áirithe de “rialuithe oifigiúla” agus de “gníomhaíochtaí oifigiúla eile” i dTable 1 thíos.

    Tábla 1

    Samplaí de rialuithe oifigiúla (OR) agus de ghníomhaíochtaí oifigiúla eile (OOA)

     

    Gníomhaíocht

    OC

    OOA

    Barúil / réasúnaíocht

    1

    Seiceáil a dhéanamh ar an liosta de réamhfhógraí maidir le coinsíneachtaí roimh theacht isteach san Aontas chun rialuithe teorann a phleanáil

     

    OOA

    Ullmhú roimh rialuithe oifigiúla a dhéanamh

    2

    Clár díothúcháin a bhunú

     

    OOA

    Galair agus lotnaidí a dhíothú agus a smachtú (cf. aithris 25 de OCR)

    3

    Úsáid a bhaint as na torthaí ar fhaireachas arna dhéanamh ag oibreoirí

     

    OOA

    Anailís ar shonraí lena gcuirtear eolas ar fáil/lena dtugtar cúnamh chun rialuithe oifigiúla a ullmhú, rud nach bhfuil ina fhíorú ar chomhlíontacht ann féin

    4

    Nósanna imeachta i scríbhinn a dhréachtú chun rialuithe oifigiúla a dhéanamh

     

    OOA

    Ullmhú/cúnamh roimh rialuithe oifigiúla

    5

    Seiceáil a dhéanamh ar thaifid de choinsíneachtaí idirthurais

    OC

     

    Fíorú ar chomhlíontacht (le hAirteagal 19(e) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2124 ón gCoimisiún (4))

    6

    Samplaí a ghlacadh de choinsíneachtaí a thagann isteach san Aontas de réir TRACES-NT

    OC

     

    Fíorú ar chomhlíontacht leis na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de OCR

    7

    Seiceálacha a dhéanamh ar ainmhithe agus ar earraí a thagann isteach san Aontas.

    OC

     

    Fíorú ar chomhlíontacht leis na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de OCR

    8

    Seiceáil a dhéanamh ar cé acu a líon nó nár líon an t-oibreoir CHED isteach i gceart

    OC

     

    Fíorú ar chomhlíonadh na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de OCR

    9

    Sampláil agus anailís ar choinsíneacht ag Post Rialaithe Teorann

    OC

     

    Fíorú ar chomhlíonadh na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de OCR

    10

    Sampláil agus anailís ar choinsíneacht ag an gceann scríbe tar éis trádáil trasteorann

    OC

     

    Fíorú ar chomhlíonadh na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de OCR

    11.

    Seiceáil ar cé acu a chomhlíon nó nár chomhlíon oibreoir na srianta gluaiseachta

    OC

     

    Fíorú ar chomhlíonadh na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de OCR

    12.

    Sampláil agus anailís ar choinsíneacht i mbunaíocht choraintín, mar a cheanglaítear le rialacha an Aontais

    OC

     

    Fíorú ar chomhlíonadh na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de OCR

    13.

    Sampláil agus anailís le haghaidh galar atá ag teacht chun cinn

     

    OOA

    Faireachas eipidéimeolaíoch; cf. OCR aithris 25

    14.

    Sampláil ar ainmhithe fiáine chun suirbhéireacht a dhéanamh ar ghalar liostaithe

     

    OOA

    Clár faireachais chun fíorú a dhéanamh ar láithreacht galair; cf. OCR aithris (25)

    15.

    Seiceáil ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann oibreoir ceanglais shonracha a fhorordaítear le clár díothúcháin le haghaidh galar liostaithe

    OC

     

    Fíorú ar chomhlíonadh na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de OCR

    16

    Cúnamh le haghaidh oibreora maidir le bearta bithshlándála chun cosc a chur le leathadh galar liostaithe, arna sholáthar ag na húdaráis inniúla, nó ag na comhlachtaí tarmligthe nó ag na daoine nádúrtha a ndearnadh gníomhaíochtaí oifigiúla áirithe eile a tharmligean chucu i gcomhréir le OCR agus leis na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de OCR

     

    OOA

    Cúnamh, seachas fíorú ar chomhlíontacht leis na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de OCR

    17

    Seiceáil ar shonraí táirgeachta chun a fhíorú cé acu thugann nó nach dtugann an t-oibreoir fógra faoi mhortlaíochtaí mínormálta, rátaí táirgeachta laghdaithe suntasacha lena bhfuil cúis neamhchinntithe nó amhrais i leith galair liostaithe áirithe etc. mar a cheanglaítear le rialacha an Aontais

    OC

     

    Fíorú ar chomhlíonadh na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de OCR

    18

    Sampláil agus anailís chun stádas Ballstáit, creasa nó bunaíochta a choinneáil ar bun maidir le bheith saor ó ghalar nó ó lotnaid liostaithe

     

    OOA

    Clár faireachais chun láithreacht galair a fhíorú

    19

    Suirbhéanna rioscabhunaithe a dhéanamh chun seiceáil a dhéanamh ar láithreacht lotnaidí

     

    OOA

    cf. Airteagal 2(2) agus aithris (25) de OCR

    20

    Measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht táirgí bia agus beatha orgánacha roimh iad a chur ar an margadh

    OC

     

    Fíorú ar chomhlíontacht leis na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de OCR

    21.

    Fíorú ar chomhlíontacht le hUasteorainneacha Iarmhar

    OC

     

    Fíorú ar chomhlíonadh na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de OCR

    22.

    Imscrúdú eipidéimeolaíoch chun méid leata galair a chinneadh

     

    OOA

    cf. Airteagal 2(2) agus aithris (25) de OCR

    23.

    Rialuithe tráthrialta nó rioscabhunaithe i mbunaíocht fhormheasta chun seiceáil a dhéanamh ar cé acu a leanann nó nach leanann an t-oibreoir de na ceanglais formheasa a chomhlíonadh

    OC

     

    Fíorú ar chomhlíonadh na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de OCR

    24.

    Gníomhaíochtaí (e.g. cigireacht, grinnscrúdú doiciméadachta etc.) i ndáil le bunaíocht a rinne iarratas ar fhormheas mar a cheanglaítear le rialacha an Aontais (e.g. ionad tionóil, bunaíocht dobharshaothraithe, foras táirgí geirmeacha)

    OC

     

    Fíorú ar chomhlíonadh na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de OCR

    25.

    Iniúchadh ar sheamlais/monarchana gearrtha le haghaidh dea-chleachtais agus nósanna imeachta sláinteachais bunaithe ar phrionsabail AGPRC

    OC

     

    Fíorú ar chomhlíontacht leis na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de OCR

    26

    Fíorú a dhéanamh (lena n-áirítear sampláil agus anailís) ar cé acu a dhéanann nó nach ndéanann, agus sin ar bhealach cuí, tréidlia príobháideach na himscrúduithe is gá ar mhortlaíochtaí mínormálta nó ar tháirgeadh atá laghdaithe go suntasach i gcomhréir le hAirteagal 18(1)(c) de Rialachán (AE) 2016/429 (5)

    OC

     

    Fíorú ar chomhlíontacht oibreoirí agus tréidlianna príobháideacha leis na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de OCR

    27

    Fíorú ar chomhlíontacht leis na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de OCR maidir le hainmhithe agus earraí a thagann isteach san Aontas

    OC

     

    Fíorú ar chomhlíonadh na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de OCR

    28

    Cinneadh a dhéanamh agus CHED a shíniú

    OC

     

    Cuid de thabhairt i gcrích rialaithe oifigiúil

    29

    Na torthaí ar sheiceálacha ar ainmhithe agus ar earraí a thagann isteach san Aontas a chur isteach in TRACES-NT

    OC

     

    Cuid de thabhairt i gcrích rialaithe oifigiúil

    30

    Cead a eisiúint le haghaidh teacht isteach ainmhithe san Aontas, lena n-áirítear ceadanna ar bhonn rialacha iontrála nach bhfuil go hiomlán comhchuibhithe ar leibhéal an Aontais

     

    OOA

    Gníomhaíocht bunaithe ar na torthaí ar rialuithe oifigiúla (de réir análaí le heisiúint deimhnithe nó fianaithe oifigiúil (Airteagal 2(2) de OCR). Le hAirteagal 1(2) de OCR déantar tagairt do rialacha atá bunaithe ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon.

    31.

    Sampláil agus anailís a dhéantar chun seiceáil a dhéanamh go gcomhlíonann ainmhí nó coinsíneachta ceanglais atá le deimhniú le haghaidh trádáil trasteorann

    OC

     

    Fíorú ar chomhlíonadh na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de OCR

    32.

    Seiceálacha arna ndéanamh ag údaráis inniúla nó comhlachtaí nó daoine tarmligthe ar bhaisceanna plandaí nó táirgí planda le haghaidh láithreacht lotnaidí coraintín de chuid an Aontais nó lotnaidí neamhchoraintín rialáilte chun deimhniú fíteashláintíochta a eisiúint

    OC

     

    Fíorú ar chomhlíontacht leis na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2)(g) de OCR

    33.

    Seiceálacha arna ndéanamh ag údaráis inniúla nó comhlachtaí nó daoine tarmligthe ar bhaisceanna plandaí nó táirgí planda le haghaidh láithreacht lotnaidí coraintín de chuid an Aontais nó lotnaidí neamhchoraintín rialáilte chun pas planda a eisiúint

    OC

     

    Fíorú ar chomhlíontacht leis na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2)(g) de OCR

    34.

    Seiceálacha arna ndéanamh ag údaráis inniúla nó comhlachtaí nó daoine tarmligthe ar bhaisceanna plandaí nó táirgí planda le haghaidh láithreacht lotnaidí coraintín de chuid an Aontais nó lotnaidí neamhchoraintín rialáilte

    OC

     

    Fíorú ar chomhlíonadh na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de OCR

    35.

    Eisiúint deimhnithe fíteashláintíochta nó pas planda

     

    OOA

    Gníomhaíocht bunaithe ar an toradh ar rialú oifigiúil

    36

    Gníomhaíochtaí suirbhé a bheartaítear chun láithreacht lotnaidí planda a bhrath

     

    OOA

    Gníomhaíocht nach é is aidhm dhíreach di fíorú a dhéanamh ar chomhlíontacht leis na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de OCR

    37

    Sampláil agus anailís arna ndéanamh i gcomhthéacs suirbhéanna le haghaidh láithreacht lotnaidí coraintín de chuid an Aontais

     

    OOA

    Faireachas agus faireachán eipidéimeolaíoch; cf. OCR aithris (25)

    38

    Diúscairt seachtháirgí ainmhithe a ordú tar éis ráige chun leathadh galar ainmhithe a smachtú

     

    OOA

    Leathadh galar ainmhithe a smachtú (cf. Airteagal 2(2) de OCR)

    39

    Srianta gluaiseachta a ordú mar chuid de chlár díothúcháin nó de dheasca stádas bunaithe cinnte (ionfhabhtaithe, saor etc.)

     

    OOA

    Galair ainmhithe a dhíothú (cf. Airteagal 2(2) de OCR)

    40

    Srianta gluaiseachta a ordú de dheasca ráig eipidéimeach

     

    OOA

    Leathadh galar ainmhithe a smachtú (cf. Airteagal 2(2) de OCR)

    41.

    Ciondíothú ainmhithe i gcomhthéacs clár díothúcháin

     

    OOA

    Galair ainmhithe a dhíothú (cf. Airteagal 2(2) de OCR)

    42.

    Fógra maidir le láithreacht galair liostaithe (trí ADNS, do WOAH, do thíortha trádála etc.)

     

    OOA

    Gníomhaíocht tar éis rialú oifigiúil (nó tar éis gníomhaíocht oifigiúil eile)

    43.

    An pobal a chur ar an eolas faoi rioscaí áirithe (e.g. galar eipidéimeach, cineál an ghalair sin, na bearta a rinneadh etc.)

     

    OOA

    Eolas a chur ar fáil, gan comhlíontacht a fhíorú

    44.

    Formheas bunaíochta a eisiúint

     

    OOA

    Gníomhaíocht tar éis fíorú ar chomhlíontacht (Airteagal 148 de OCR); cf. aithris (25)

    45.

    Seiceálacha i mbunaíocht de chuid an Aontais chun fíorú a dhéanamh ar chomhlíontacht le ceanglais onnmhairiúcháin a leagtar síos sna rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de OCR

    OC

     

    Fíorú ar chomhlíontacht leis na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de OCR

    46

    Gníomhaíochtaí imscrúdaitheacha chun méid neamhchomhlíonta a chinneadh

    OC

     

    Airteagal 138(1) de OCR; fíorú ar chomhlíontacht leis na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de OCR

    47

    Fíorú ar chomhlíontacht leis na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de OCR chun deimhniú oifigiúil nó fianú oifigiúil a eisiúint

    OC

     

    Fíorú ar chomhlíontacht leis na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de OCR (cf. Airteagal 2(1)(b) de OCR)

    48

    Deimhniú oifigiúil nó fianú oifigiúil a eisiúint ar bhonn na dtorthaí ar rialuithe oifigiúla

     

    OOA

    Gníomhaíocht bunaithe ar rialú oifigiúil críochnaithe (cf. Airteagal 2(2) de OCR)

    49

    Tuarascáil chigireachta nó iniúchóireachta nó saotharlainne a ullmhú (toradh ar rialú oifigiúil)

    OC

     

    Cuid lárnach de ghníomhaíocht rialaithe oifigiúil

    50

    Faireachán ar éilleáin i mbia nó i mbeatha (6) a dhéantar chun fíorú a dhéanamh ar chomhlíontacht le leibhéal rialála a bhunaítear le rialacha an Aontais nó le rialacha náisiúnta, nó chun fíorú a dhéanamh ar chomhlíontacht oibreora le bearta maolúcháin a bhunaítear le rialacha an Aontais nó rialacha náisiúnta

    OC

     

    Gníomhaíocht arb é is aidhm di fíorú a dhéanamh ar chomhlíontacht leis na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de OCR

    51.

    Faireachán ar éilleáin i mbia nó i mbeatha1 nár bunaíodh aon leibhéal rialála lena n-aghaidh, a dhéantar chun fíorú a dhéanamh ar láithreacht éilleán i mbia nó i mbeatha nó arb é is cuspóir dó sonraí a bhailiú i gcomhréir le hAirteagal 33 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7)

     

    OOA

    Gníomhaíocht faireacháin neamh-spriocdhírithe nach é is aidhm di fíorú a dhéanamh ar chomhlíontacht leis na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de OCR

    2.   TEIDEAL II RIALUITHE OIFIGIÚLA AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ OIFIGIÚLA EILE SNA BALLSTÁIT

    2.1.   CAIBIDIL III — Cúraimí áirithe de chuid na n-údarás inniúil a tharmligean (Airteagail 28 go dtí 33 de OCR)

    Le Caibidil III de Theideal II de OCR leagtar síos ar thaobh amháin, coinníollacha chun cúraimí áirithe i ndáil le rialú oifigiúil a tharmligean (Airteagail 28 go 30 de OCR) agus, ar an taobh eile, coinníollacha chun cúraimí a bhaineann le gníomhaíochtaí oifigiúla eile a tharmligean (Airteagal 31 de OCR). Le hAirteagal 32 de OCR leagtar síos rialacha maidir le hoibleagáidí na gcomhlachtaí tarmligthe agus daoine nádúrtha. Le hAirteagal 33 de OCR bunaítear oibleagáidí na n-údarás inniúil tarmligin.

    Rialacha breise maidir le cúraimí i ndáil le rialú oifigiúil agus cúraimí a bhaineann le gníomhaíochtaí oifigiúla eile a tharmligean, féadfar iad a leagan síos i rialacha sonracha de chuid an Aontais. Mar shampla, i réimse na táirgeachta orgánaí, i dtaca le rialacha breise maidir le cúraimí i ndáil le rialú oifigiúil agus cúraimí a bhaineann le gníomhaíochtaí oifigiúla eile a tharmligean chuig “comhlachtaí rialaithe”, leagtar síos iad in Airteagal 40 de Rialachán (AE) 2018/848 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha.

    2.1.1.   Coinníollacha maidir le cúraimí áirithe i ndáil le rialú oifigiúil a tharmligean

    Le hAirteagail 29 agus 30 de OCR leagtar síos coinníollacha chun cúraimí áirithe i ndáil le rialú oifigiúil a tharmligean chuig comhlachtaí tarmligthe agus daoine nádúrtha, faoi seach.

    Le haghaidh comhlachtaí tarmligthe, tá tábhacht ar leith le creidiúnú i gcomhréir le hAirteagal 29, pointe (b)(iv) de OCR chun a áirithiú go gcaomhnófar neamhchlaontacht, cáilíocht agus comhsheasmhacht na rialuithe oifigiúla (cf. aithris 46 de OCR).

    Ní mór do na húdaráis inniúla tarmligean rialuithe oifigiúla a dheonú bunaithe ar rialuithe ar an láthair ar na comhlachtaí tarmligthe is iarrthóirí, lena n-áirítear i gcás ina mbeidh na comhlachtaí sin creidiúnaithe i gcomhréir le hAirteagal 29, pointe (b)(iv), de OCR.

    Rialacha a ghlactar sna Ballstáit lena gceadaítear cúraimí a tharmligean go sealadach chuig comhlachtaí tarmligthe nach bhfuil creidiúnaithe fós i gcomhréir le hAirteagal 29(b)(iv) de OCR, d’fhéadfaí a mheas go bhfuil siad comhoiriúnach le OCR faoi réir coinníollacha. Is amhlaidh atá an cás más rud é:

    i)

    Go gceadaítear an tarmligean sealadach sin leis na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de OCR lena mbunaítear forálacha sonracha maidir le tarmligean na gcúraimí;

    ii)

    go léirítear le rialuithe ar an láthair go gcomhlíontar na coinníollacha uile eile le haghaidh an tarmligin a bhunaítear in Airteagal 29 de OCR (8);

    iii)

    go ndeonaítear an tarmligean sealadach ar feadh tréimhse theoranta, ag féachaint d’fhad an nós imeachta creidiúnaithe, na rioscaí sa réimse lena mbaineann agus cosaint leasanna na dtomhaltóirí;

    iv)

    go gcruthaíonn an comhlacht a dhéanann iarratas ar tharmligean go ndearna sé iarratas ar an gcreidiúnú cheana féin.

    Le linn an tarmligin shealadaigh sin, ní mór don údarás inniúil an tarmligean a tharraingt siar go hiomlán nó go páirteach gan mhoill sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 33(b) de OCR.

    Ós rud é go mb’fhéidir nach mbeadh an caighdeán creidiúnaithe faoina n-oibríonn an comhlacht tarmligthe iomlán ábhartha le haghaidh na gcúraimí tarmligthe uile faoina dtugann sé, agus go mb’fhéidir nach gcumhdófaí na gnéithe uile de OCR le hiniúchtaí creidiúnaithe, na húdaráis inniúla ag a bhfuil cúraimí áirithe i ndáil le rialú oifigiúil tarmligthe chuig comhlachtaí tarmligthe, ní mór dóibh iniúchtaí nó cigireachtaí ar na comhlachtaí sin a eagrú, de réir mar is gá agus dúbailt le haon iniúchadh creidiúnaithe á seachaint (Airteagal 33(a) de OCR), agus ní mór dóibh an tarmligean a tharraingt siar go hiomlán nó go páirteach gan mhoill i gcás neamhchomhlíonadh (Airteagal 33(b) de OCR).

    Dá bhrí sin, na coinníollacha chun cúraimí áirithe i ndáil le rialú oifigiúil a tharmligean a leagtar síos in Airteagail 29 agus 30 de OCR, agus na sásraí fíorúcháin agus na bearta leantacha maidir le neamhchomhlíonadh a leagtar síos in Airteagal 33 de OCR, ní mór iad a thuiscint mar phróiseas leanúnach d’fhaireachán ar chomhlíontacht.

    2.2.   CAIBIDIL IV — Sampláil, Anailís, tástálacha agus diagnóisí (Airteagal 34 go dtí 42 de OCR)

    2.2.1.   Modhanna a úsáidtear le haghaidh samplála, anailíse, tástálacha agus diagnóise (Airteagal 34 de OCR)

    Le hAirteagal 34 de OCR leagtar síos ceanglais le haghaidh na modhanna a úsáidtear i gcomhthéacs rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile araon. Go háirithe, bunaítear ordlathas critéar, rud atá le cur i bhfeidhm agus rogha á déanamh as na modhanna atá ar fáil in éagmais rialacha is infheidhme ón Aontas (“an modh cascáide”).

    Léirítear an caidreamh ordlathach idir na roghanna a liostaítear i míreanna (1) go (3) d’Airteagal 34 de OCR trí úsáid a bhaint as frásaí amhail “in éagmais” agus “murab ann do […] den sórt sin”. Laistigh den ordlathas, tá roghanna áirithe bunaithe mar bheith ina roghanna malartacha comhionanna, mar a léirítear le húsáid an chónaisc “nó”.

    Le hAirteagal 34(1) de OCR bunaítear go gcomhlíonfar rialacha an Aontais, más ann do na rialacha sin, le modhanna a úsáidtear le haghaidh samplála nó le haghaidh anailísí, tástálacha agus diagnóisí saotharlainne i gcomhthéacs rialuithe oifigiúla nó gníomhaíochtaí oifigiúla eile. Leis na rialacha sin féadfar modhanna sonracha a bhunú nó critéir feidhmiúcháin a leagan síos, critéir atá le cur i bhfeidhm le haghaidh na modhanna a úsáidtear. Le dlíthe earnáilsonracha an Aontais féadfar tosaíochtaí modha éagsúla a leagan síos freisin a chlaonann ón mbun-ordlathas a bhunaítear in Airteagal 34 de OCR, ag a mbeadh tosaíocht (lex specialis) ansin ar an ordlathas ginearálta a bhunaítear in Airteagal 34 de OCR. Mar shampla, cé go gcuirtear i láthair le hAirteagal 34(2)(a) de OCR modhanna lena gcomhlíontar “rialacha nó prótacail ábhartha atá aitheanta go hidirnáisiúnta” mar rogha chomhionann ar mhodhanna arna moladh ag Saotharlanna Tagartha Eorpacha (EURLanna), le hAirteagal 6(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 ón gCoimisiún (9) tugtar tosaíocht do mhodhanna arna moladh ag EURLanna ar mhodhanna arna moladh ag an Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe (WOAH) i gcomhthéacs faireachas galair. An ceanglas a leagtar síos in Airteagal 34(1) de OCR, tá feidhm aige maidir le modhanna anailíse, tástála nó diagnóise saotharlainne, mar aon le modhanna a úsáidtear le haghaidh samplála, gan beann ar cé acu a úsáideann nó nach n-úsáideann údaráis inniúla (nó comhlachtaí nó daoine tarmligthe), nó saotharlanna oifigiúla na modhanna sin.

    Le hAirteagal 34(2) de OCR leagtar síos ordlathas modhanna atá le húsáid ag saotharlanna oifigiúla in éagmais rialacha ón Aontas dá dtagraítear i mír 1. Ar na modhanna dá dtagraítear i mír 2 dá bhrí sin áirítear modhanna anailíse, tástála nó diagnóise saotharlainne mar aon le modhanna a úsáidtear le haghaidh samplála nó ullmhú sampla, i gcás ina n-úsáidfidh saotharlanna oifigiúla na modhanna sin i gcomhthéacs rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile (lena n-áirítear, mar shampla, cásanna ina ndéantar ábhar samplach comhiomlánaithe a dheighilt i samplaí le haghaidh anailíse sa tsaotharlann).

    Le hAirteagal 34(2)(a) de OCR leagtar síos gurb amhlaidh in éagmais rialacha an Aontais dá dtagraítear i mír 1 go n-úsáidfidh saotharlanna oifigiúla modhanna arna moladh le rialacha nó prótacail atá aitheanta go hidirnáisiúnta (e.g. CEN, WOAH), nó modhanna arna bhforbairt nó arna moladh ag saotharlanna tagartha de chuid an Aontais agus arna mbailíochtú i gcomhréir le prótacail eolaíocha atá inghlactha go hidirnáisiúnta. Déantar an dá rogha sin in Airteagal 34(2)(a) de OCR a shonrú mar roghanna malartacha comhionanna ar féidir iad araon a chur i bhfeidhm in éagmais rialacha an Aontais.

    Le hAirteagal 34(2)(b) de OCR liostaítear modhanna nach bhféadfar iad a chur i bhfeidhm ach i gcás nach ann d’aon riail ón Aontas dá dtagraítear i mír 1 ná aon phrótacal idirnáisiúnta ná modh EURL dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 2. Laistigh de na roghanna a liostaítear faoi Airteagal 34(2)(b) de OCR, tabharfar tosaíocht do na modhanna a fhorordaítear le rialacha náisiúnta ar mhodhanna arna moladh ag saotharlanna náisiúnta tagartha. Mar sin féin, is féidir modhanna bailíochtaithe eile a chur i bhfeidhm mar rogha mhalartach ar an dá rogha réamhluaite.

    Le hAirteagal 34(3) de OCR ní dhéantar tagairt ach do mhodhanna anailíse, tástála nó diagnóise saotharlainne seachas modhanna samplála. Ní cheadaítear leis modhanna neamhbhailíochtaithe a úsáid ach i gcás nach ann d’aon cheann de na modhanna dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 agus má tá géarghá le hanailísí, tástálacha nó diagnóisí saotharlainne. Maidir leis an gcéad cheann de na coinníollacha sin, ba cheart a thabhairt faoi deara nach bhfuil infhaighteacht modha i saotharlann ná Ballstát ar leith ina critéar ábhartha i gcomhthéacs Airteagal 34(3) de OCR, i bhfianaise fhéidearthacht na n-údarás inniúil saotharlanna oifigiúla agus tagartha a ainmniú i mBallstáit nó i dtíortha LEE eile. Faoi na coinníollacha a bhunaítear in Airteagal 34(3) de OCR, ní fhéadfaidh saotharlanna tagartha náisiúnta ná saotharlanna oifigiúla modhanna neamhbhailíochtaithe a úsáid ach in éagmais saotharlann náisiúnta tagartha.

    Le hAirteagal 34(4) de OCR bunaítear an ceanglas bonnlíne le haghaidh modhanna anailíse saotharlainne i gcomhthéacs rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile nach mór modhanna a shaintréithriú aon uair is féidir agus na critéir a leagtar amach in Iarscríbhinn III de OCR á n-úsáid.

    Le hAirteagal 34(5) de OCR ceanglaítear go ndéantar samplaí a ghlacadh, a láimhseáil agus a lipéadú ar bhealach a ráthóidh a mbailíocht dhlíthiúil, eolaíoch agus theicniúil. Tá feidhm ag an gceanglas sin maidir le próiseáil samplaí le linn na samplála féin, cibé acu a dhéanann na húdaráis inniúla (nó comhlachtaí nó daoine tarmligthe) nó saotharlanna oifigiúla sin, le linn aistriú na samplaí chuig an tsaotharlann agus le linn anailísí, tástálacha nó diagnóisí a bheith á ndéanamh ag saotharlanna oifigiúla nó ag saotharlanna náisiúnta tagartha.

    Le Table 2 soláthraítear forbhreathnú ar mhíreanna Airteagal 34 de OCR a mhéid a bhaineann lena n-infheidhmeacht maidir le modhanna samplála agus/nó modhanna anailíse, tástála nó diagnóise saotharlainne.

    Fíor 1

    Infheidhmeacht Airteagal 34(1) go (5) de OCR maidir le i) modhanna samplála arna n-úsáid ag údaráis inniúla (nó comhlachtaí tarmligthe nó daoine nádúrtha a ndearnadh cúraimí áirithe a tharmligean chucu), ii) modhanna samplála arna n-úsáid ag saotharlanna oifigiúla iii) modhanna anailísí, tástálacha agus diagnóisí saotharlainne arna n-úsáid ag saotharlanna oifigiúla (CA = údarás inniúil (nó comhlacht tarmligthe nó duine nádúrtha a ndearnadh cúraimí áirithe a tharmligean chucu); OL = saotharlann oifigiúil)

    Image 1

    Fíor 2

    “Cascáid” le haghaidh modhanna anailíse, tástála agus diagnóise saotharlainne i gcomhthéacs rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile mar a thuairiscítear in Airteagal 34 de OCR. Tabhair faoi deara nach bhfuil feidhm ag na heilimintí uile san ordlathas maidir le modhanna samplála (féach Tábla 2)

    Image 2

    2.2.2.   An Dara Tuairim Shaineolach (Airteagal 35 de OCR)

    Le hAirteagal 35(1) de OCR leagtar síos ceart an oibreora chun an dara tuairim shaineolach ar chostas an oibreora féin:

    Airteagal 35 de OCR

    Dara tuairim shaineolach

    1.   Áiritheoidh na húdaráis inniúla go mbeidh an ceart ag oibreoirí, a bhfuil a n-ainmhithe nó a n-earraí faoi réir sampláil, anailís, tástáil nó diagnóis i gcomhthéacs rialuithe oifigiúla, an dara tuairim shaineolach a lorg, ar chostas an oibreora féin.

    […]

    Tá feidhm ag an gceart sin maidir leis an tsampláil, an anailís, an tástáil nó an diagnóis a dhéantar i gcomhthéacs rialuithe oifigiúla, seachas i gcomhthéacs gníomhaíochtaí oifigiúla eile. Leis an dara tuairim shaineolach cosnaítear cearta dlisteanacha na n-oibreoirí, go háirithe a gceart chun achomhairc in aghaidh bearta a rinneadh mar a leagtar síos in Airteagal 7 de OCR, trí rannchuidiú le bonn fíorasach fónta. Dá bhrí sin, na hoibreoirí ar a bhfuil na bearta arna ndéanamh ag an údarás inniúil dírithe, tá siad i dteideal an chirt sin.

    Leis an gceart chun an dara tuairim shaineolach ní dhéantar difear d’oibleagáid na n-údarás inniúil beart a dhéanamh láithreach chun go ndíothófar nó go smachtófar rioscaí le haghaidh shláinte an duine, sláinte ainmhithe nó sláinte plandaí, nó leas ainmhithe nó, a mhéid a bhaineann le OGManna agus táirgí cosanta plandaí, agus le haghaidh an chomhshaoil (Airteagal 35(4) de OCR).

    Is féidir nach gcuirfidh údaráis inniúla an ceart chun an dara tuairim shaineolach faoi réir táille a íoc. Mar sin féin, mar a shonraítear go soiléir in Airteagal 35(1) de OCR, seasfaidh an t-oibreoir costais an dara tuairim shaineolach.

    Leis an gceart chun an dara tuairim shaineolach cuimsítear trí eilimint, lena dtugtar teideal don oibreoir an méid seo a leanas a dhéanamh:

    i)

    athbhreithniú doiciméadach ar an tsampláil, an anailís, an tástáil nó an diagnóis tosaigh a iarraidh ar shaineolaí aitheanta ag a bhfuil na cáilíochtaí iomchuí (Airteagal 35(1) de OCR);

    Airteagal 35 de OCR

    1.   […]

    Leis an gceart chun an dara tuairim shaineolach, beidh an t-oibreoir i dteideal athbhreithniú doiciméadach a iarraidh ar an tsampláil, anailís, tástáil nó diagnóis atá déanta ag saineolaí aitheanta eile a bhfuil na cáilíochtaí iomchuí aige

    ii)

    a iarraidh go ndéanfaidh an t-údarás inniúil cainníocht shamplach leordhóthanach a ghlacadh chun críoch an dara hanailís arna déanamh mar chuid den dara tuairim shaineolach (aithris 48 agus Airteagal 35(2) de OCR, faoi réir na gcoinníollacha a luaitear iontu); an eilimint sin den dara tuairim shaineolach níl feidhm aici agus measúnú á dhéanamh ar láithreacht lotnaidí coraintín i bplandaí, táirgí planda ná réada eile chun fíorú a dhéanamh ar chomhlíontacht leis na rialacha dá dtagraítear i bpointe (g) d’Airteagal 1(2) de OCR (Airteagal 35(2) an dara habairt).

    Aithris 48 de OCR

    […] Le ceart den sórt sin, ba cheart don oibreoir a bheith in ann a iarraidh go ndéanfadh saineolaí eile athbhreithniú doiciméadach ar an gcéad sampláil, anailís, tástáil nó diagnóis, agus a iarraidh freisin go ndéanfaí an dara hanailís, tástáil nó diagnóis ar na codanna den ábhar samplála a tógadh i dtús báire mura mbeadh aon dara hanailís, tástáil nó diagnóis den sórt sin dodhéanta go teicniúil nó neamhábhartha. B’amhlaidh a bheadh, go háirithe, dá mbeadh leitheadúlacht na guaise san ainmhí nó san earra iontach beag nó dá mbeadh a leithdháileadh iontach tearc nó mírialta ó thaobh a mheas an bhfuil orgánaigh coraintín i láthair nó chun anailís mhicribhitheolaíoch a dhéanamh, de réir mar a bheidh.

    Airteagal 35 de OCR

    […]

    2.   I gcás inarb ábhartha, iomchuí agus indéanta ón taobh teicniúil de, ag féachaint go háirithe do leitheadúlacht agus leithdháileadh na guaise sna hainmhithe nó sna hearraí, do shomheatacht shamplaí na n-earraí agus don mhéid foshraithe atá ar fáil, déanfaidh na húdaráis inniúla an méid seo a leanas:

    (a)

    agus an sampla á thógáil, agus má iarrann an t-oibreoir amhlaidh, a áirithiú go dtógfar cainníocht leordhóthanach chun an dara tuairim shaineolach a cheadú agus an t-athbhreithniú dá dtagraítear i mír 3 a dhéanamh, más gá; nó

    (b)

    i gcás nach mbeidh sé indéanta an chainníocht leordhóthanach a thógáil amhail dá dtagraítear i bpointe (a), an t-oibreoir a chur ar an eolas faoi sin.

    Ní bheidh feidhm ag an mír seo i gcás inar mbeidh sé á mheas an bhfuil lotnaidí coraintín i láthair i bplandaí, i dtáirgí plandaí nó i réada eile chun comhlíonadh na rialacha amhail dá dtagraítear i bpointe (g) d’Airteagal 1(2) a fhíorú.

    iii)

    a iarraidh go ndéanfaidh an t-údarás inniúil cainníocht shamplach leordhóthanach a ghlacadh chun go ndéanfaidh saotharlann oifigiúil eile anailís eile arna iarraidh sin don oibreoir i gcás díospóid bunaithe ar an anailís tosaigh agus ar an dara tuairim shaineolach, má dhéantar foráil maidir leis an gceart sin sa dlí náisiúnta (Airteagal 35(3) de OCR, faoi réir na gcoinníollacha a luaitear in Airteagal 35(2) de OCR).

    Airteagal 35 de OCR

    […]

    3   Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh, i gcás ina mbeidh aighneas idir na húdaráis inniúla agus na hoibreoirí, bunaithe ar an dara tuairim shaineolach dá dtagraítear i mír 1, go bhféadfaidh na hoibreoirí athbhreithniú doiciméadach a iarraidh, ar a gcostas féin, ar an anailís, an tástáil nó an diagnóis thosaigh agus, i gcás inarb iomchuí, anailís, tástáil nó diagnóis eile a iarraidh a dhéanfaidh saotharlann oifigiúil eile.

    I gcás ina mbunófar rialacha le reachtaíocht earnáilsonrach le haghaidh na samplála nó na hanailíse i réimse sonrach, tá tosaíocht ag na rialacha sin ar na bunphrionsabail a leagtar síos in Airteagal 35 de OCR. Go háirithe, le rialacha earnáilsonracha is féidir go mbeidh baint cainníochta leordhóthanaí le haghaidh samplaí breise éigeantach nó go gceanglófar nósanna imeachta sonracha a leanúint chun samplaí críochnaitheacha a fháil. Mar shampla, le roinnt gníomhartha dlí de chuid an Aontais (10) (11) (12) bunaítear nósanna imeachta sonracha chun a áirithiú go nglactar cainníocht leordhóthanach chun samplaí ionadaíocha a fháil “chun críoch forfheidhmiúcháin, cosanta agus réiteora”. I gcás inar glacadh rialacha sonracha ar bhonn Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 (13), leanann na forálacha ábhartha de bheith i bhfeidhm, mura ndéantar iad a aisghairm nó a ionadú le reachtaíocht nua arna glacadh faoi OCR.

    I gcás nach sonrófar na nósanna imeachta a thuilleadh i reachtaíocht an Aontais, is faoi leibhéal na mBallstát atá sé rialacha a chur chun feidhme maidir leis an méid seo a leanas:

    critéir cháilíochta le haghaidh an tsaineolaí aitheanta ag a bhfuil na cáilíochtaí iomchuí maidir leis an athbhreithniú doiciméadach dá dtagraítear in Airteagal 35(1) de OCR á dhéanamh;

    láimhseáil agus stóráil cainníochta samplaí breise arna glacadh chun críche anailíse breise mar chuid den dara tuairim shaineolach;

    úsáid thorthaí na hanailíse tosaigh, an dara tuairim shaineolach agus, más infheidhme, an dara hanailís oifigiúil, ó na húdaráis inniúla agus ó na hoibreoirí. Is é is aidhm do na rialacha a leagtar síos in OCR, i measc nithe eile, a áirithiú go mbeidh bunús fíorasach fónta ag oibreoirí le haghaidh a gcinntí chun a gceart chun achomhairc a fheidhmiú (Airteagal 7 de OCR). An nós imeachta achomhairc féin, áfach, níl sé rialáilte le OCR, ach trí rialacha náisiúnta;

    aon teorainn ama maidir le feidhmiú an chirt chun athbhreithnithe dhoiciméadaigh, e.g. agus teorainneacha ama á gcur san áireamh, ar teorainneacha ama iad dá bhforáiltear le haghaidh modhanna sásaimh ábhartha ar an leibhéal náisiúnta, lena n-áirítear an ceart chun achomhairc.

    2.2.2.1.   Coinníollacha le haghaidh samplála le haghaidh an dara tuairim shaineolach agus le haghaidh anailís eile a dhéanfaidh saotharlann oifigiúil eile

    Cainníocht shamplach bhreise chun críoch an dara tuairim shaineolach agus/nó atá le coinneáil le haghaidh an athbhreithnithe (anailís eile a dhéanfaidh saotharlann oifigiúil eile) dá dtagraítear in Airteagal 35(3) de OCR, ní mór í a ghlacadh tráth a bhaintear an t-ábhar sampla ar dtús. Ba cheart don údarás inniúil a áirithiú go mbeidh gach sampla chomh hionadaíoch céanna leis an mbaisc a sampláladh.

    An tsampláil ar chainníocht shamplach leordhóthanach chun go bhféadfar an dara hanailís a dhéanamh mar chuid den dara tuairim shaineolach agus le haghaidh an athbhreithnithe dá dtagraítear in Airteagal 35(3) de OCR, tá sí faoi réir an choinníll go bhfuil an tsampláil sin “ábhartha, iomchuí agus indéanta ón taobh teicniúil de”.

    Le hAirteagal 35(2) agus le haithris (48) de OCR tugtar tuairisc ar roinnt cásanna eiseamláireacha inar féidir nach mbeidh glacadh cainníochta samplaí leordhóthanaí “ábhartha, iomchuí ná indéanta ón taobh teicniúil de”. Is féidir go n-athróidh na tosca atá le meas de réir an chineáil ainmhí nó earra, maitríse, sprioc-oibreáin, dálaí samplála agus an chineáil anailíse atá le déanamh. Féadfar an liosta neamhchuimsitheach seo a leanas de shamplaí a chur san áireamh, gan dochar do rialacha earnáilsonracha:

    Maidir le sampláil cainníochta samplaí leordhóthanaí chun críocha an dara tuairim shaineolach agus/nó an athbhreithnithe dá dtagraítear in Airteagal 35(3) de OCR, is féidir nach mbeidh sí

     

    “ábhartha”, i gcás

    nach ndéanfar an ceart chun an dara hanailís oifigiúil a chur chun feidhme sa dlí náisiúnta;

    nach féidir anailís eile a dhéanfaidh saotharlann oifigiúil eile i gcomhréir le hAirteagal 35(3) de OCR a dhéanamh toisc nach bhfuil an saineolas ná an trealamh ag aon saotharlann oifigiúil eile san Aontas ná in LEE chun an anailís i gceist a dhéanamh, má tá eolas ag an údarás inniúil ar an imthoisc sin roimh shampláil; ba cheart údar a thabhairt leis an gcinneadh sin ar bhonn imscrúdú agus úsáid á baint, mar shampla, as na sásraí maidir le cúnamh agus comhar riaracháin dá bhforáiltear in Airteagail 102 go 108 de OCR agus/nó na huirlisí atá ar fáil agus a ndéanann an Coimisiún foráil maidir leo (14);

     

    “iomchuí”, i gcás

    ina seasfaidh an t-ábhar sampláilte do riosca má chuirtear ar fáil don oibreoir é, e.g. ábhar galair nó oibreáin bithsceimhlitheoireachta fhéideartha; glacadh cainníochta samplaí leordhóthanaí le haghaidh anailís eile a dhéanfaidh saotharlann oifigiúil eile i gcomhréir le hAirteagal 35(3) de OCR féadfaidh sé a bheith iomchuí mar sin féin sna cásanna sin, má dhéantar an sampla a iompar, a stóráil agus a láimhseáil faoi rialú an údaráis inniúil agus saotharlanna oifigiúla;

    ina bhféadfaidh leitheadúlacht na guaise san ainmhí nó san earra a bheith iontach beag nó ina bhféadfaidh a leithdháileadh a bheith iontach tearc nó mírialta, chun go mb’fhéidir nach féidir an t-oibreán guaiseach in ábhar breise a bhrath le hiontaofacht leordhóthanach;

     

    “indéanta ón taobh teicniúil”, i gcás

    ina mbeidh méid neamhleor cainníochta samplaí ar fáil lena shampláil;

    nach féidir cainníocht leordhóthanach atá chomh hionadaíoch céanna leis an mbaisc arna sampláil a fháil ó earraí arna n-ordú ag na húdaráis inniúla ó oibreoirí trí chianchumarsáid gan iad féin a shainaithint i gcomhréir le hAirteagal 36. A mhéid is féidir, ba cheart do na húdaráis inniúla féachaint le ceart an oibreora chun an dara tuairim shaineolach a chaomhnú trí aonaid leordhóthanacha a ordú, ach ba cheart dóibh an t-oibreoir a chur ar an eolas i gcomhréir le hAirteagal 35(2)(b) de OCR i gcás ina mainneoidh siad cainníocht ionadaíoch leordhóthanach a aisghabháil;

    le somheatacht, in-bhithdhíghrádaitheacht nó gníomhaíocht an oibreáin bhitheolaíoch, cheimicigh nó fhisicigh atá le hanailísiú cuirtear cosc le samplaí a stóráil agus a láimhseáil i gcomhréir le hAirteagal 34(5) de OCR (nó cuirtear teorainn leis an tráthchlár ar laistigh de is féidir déanamh amhlaidh).

    Go ginearálta, maidir le sampláil cainníochta leordhóthanaí i gcomhréir le hAirteagal 35(2) de OCR, aon uair a mheastar nach bhfuil sí “ábhartha, iomchuí ná indéanta ón taobh teicniúil de,” cuirfidh an t-údarás inniúil an t-oibreoir ar an eolas faoi sin i gcomhréir le hAirteagal 35(2)(b).

    2.2.2.2.   Anailís eile a dhéanfaidh saotharlann oifigiúil eile

    Le hAirteagal 35(3), tugtar an saincheart do na Ballstáit an ceart chun athbhreithnithe dhoiciméadaigh ar an gcéad anailís agus chun anailíse oifigiúla eile (an dara tástáil oifigiúil) nó diagnóis ag saotharlann oifigiúil eile a chur chun feidhme. Chun an ceart sin a chur chun feidhme, ní mór reachtaíocht náisiúnta a ghlacadh (arna glacadh tar éis theacht i bhfeidhm an OCR) lena bhforáiltear go sonrach don cheart chun anailís oifigiúil eile a fháil.

    An tsaotharlann oifigiúil a dhéanann anailís eile i gcomhréir le hAirteagal 35(3) de OCR glacann sí feidhm “réiteora” i gcásanna inarb ann do dhíospóid idir an t-údarás inniúil agus an t-oibreoir bunaithe ar an anailís tosaigh agus ar an dara tuairim shaineolach. I gcás nach mbeidh an saineolas ná an trealamh ag aon saotharlann oifigiúil eile sa chríoch ina n-oibríonn an t-údarás inniúil chun anailís eile a dhéanamh, ba cheart do na húdaráis inniúla, aon uair is féidir, na sásraí maidir le hainmniúchán trasteorann dá bhforáiltear in Airteagal 37(2) de OCR a úsáid.

    Má chinneann na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir leis an gceart chun anailíse, tástála nó diagnóise eile i gcomhréir le hAirteagal 35(3) de OCR, seasann na hoibreoirí na costais ar na hanailísí, na tástálacha nó na diagnóisí sin.

    2.2.3.   Saotharlanna oifigiúla (Airteagail 37 go dtí 42 de OCR)

    2.2.3.1.   Ainmníocht

    Ceanglaítear ar na húdaráis inniúla saotharlanna oifigiúla a ainmniú chun na hanailísí, na tástálacha agus na diagnóisí a dhéanamh ar na samplaí a glacadh le linn rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile araon. Beidh an t-ainmniúchán sin i scríbhinn, beidh na heilimintí dá dtagraítear in Airteagal 37(3) de OCR ann agus ba cheart fianaise dhoiciméadach a sholáthar leis chun a chruthú go ndearnadh measúnú ar na ceanglais in Airteagal 37(4) agus (5) de OCR agus gur comhlíonadh iad.

    Le hAirteagal 37(1) de OCR ní chuirtear cosc le hainmniú saotharlann príobháideach mar shaotharlanna oifigiúla, má chomhlíonann siad ceanglais Airteagal 37(4) agus (5) de OCR. Mar sin féin, má choinníonn saotharlann phríobháideach caidrimh ghnó ar bun le hoibreoirí atá faoi réir rialuithe oifigiúla i dteannta a róil mar shaotharlann oifigiúil, ba cheart sásraí a bheith i bhfeidhm chun neamhchlaontacht a áirithiú maidir le cúraimí na saotharlainne mar shaotharlann oifigiúil, i gcomhréir le hAirteagal 37(4)(c) de OCR. Mura n-ainmnítear saotharlanna oifigiúla le maolú ar chreidiúnú éigeantach (féach caibidil 2.2.3.2 maidir le creidiúnú), is infheidhme na sásraí chun neamhchlaontacht a áirithiú a bhunaítear in EN ISO/IEC 17025.

    Féadfaidh feidhm saotharlainne oifigiúla agus saotharlainne tagartha nó lárionaid tagartha a bheith le saotharlann, ar choinníoll go gcomhlíonann sí na ceanglais agus na hoibleagáidí agus go mbeidh sí ainmnithe le haghaidh gach ceann dá feidhmeanna i gcomhréir le forálacha ábhartha OCR (Airteagail 37-42 agus Airteagail 92-101 de OCR). Leis an ainmniúchán áireofar, i measc nithe eile, tuairisc mhionsonraithe ar “na socruithe is gá chun comhordú agus comhar éifeachtúil agus éifeachtach idir an tsaotharlann agus na húdaráis inniúla a áirithiú.” (Airteagal 37(3)(c) de OCR). Féadfar a chumhdach leis na socruithe sin, mar shampla:

    nósanna imeachta um pleanáil thráthrialta agus leithdháileadh acmhainní, chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag na húdaráis inniúla ar acmhainneachtaí saotharlainne i gcomhréir le hAirteagal 37(4)(a), (b) agus (d) de OCR agus i gcomhréir lena bpleananna rialaithe ilbhliantúla náisiúnta;

    nósanna imeachta um thuairisciú tráthrialta, lena n-áirítear malartú tráthúil sonraí maidir le samplaí agus torthaí saotharlainne, go háirithe i gcás ina dtagrófar leis na torthaí sin do neamhchomhlíonta nó do rioscaí le haghaidh shláinte an duine, sláinte ainmhithe nó sláinte plandaí, nó, a mhéid a bhaineann le OGManna agus táirgí cosanta plandaí, le haghaidh an chomhshaoil freisin (Airteagal 38(1) de OCR);

    comhar saotharlann oifigiúil le saotharlanna tagartha náisiúnta agus/nó de chuid an Aontais, go háirithe á áirithiú go gcuirtear an t-údarás inniúil ar an eolas faoi thorthaí tástálacha comparáideacha nó tástálacha inniúlachta idirshaotharlainne i gcomhréir le hAirteagal 38(2) de OCR, agus é á chur ar a chumas dó a oibleagáidí a eascraíonn as Airteagal 39(2) de OCR a chomhlíonadh;

    feidhmíocht iniúchtaí i gcomhréir le hAirteagal 39(1) de OCR, lena n-áirítear sásraí chun a áirithiú go gcuirtear an t-údarás inniúil ar an eolas faoi thorthaí measúnuithe creidiúnaithe, agus é á chur ar a chumas dó a oibleagáidí a eascraíonn as Airteagal 39(2) de OCR a chomhlíonadh.

    2.2.3.2.   Creidiúnú

    Tá oibleagáid ar shaotharlanna oifigiúla oibriú i gcomhréir le EN ISO/IEC 17025 agus a bheith creidiúnaithe faoin gcaighdeán sin. De réir Airteagal 37(5) de OCR, áireofar le raon feidhme a gcreidiúnaithe na modhanna anailíse, tástála nó diagnóise saotharlainne uile a gceanglaítear ar an tsaotharlann iad a úsáid i gcás ina n-oibreoidh sí mar shaotharlann oifigiúil.

    Sa chomhthéacs sin, is féidir an téarma “modh” a thuiscint mar nós imeachta tomhais a chuirtear i bhfeidhm maidir le maitrís shonrach nó grúpa maitrísí, agus maidir le hanailít shonrach nó grúpa anailítí, nó teaglaim díobh, de réir an mhodha i gceist, i gcomhréir le EN ISO/IEC 17025. Déantar foráil le OCR do mhaoluithe ar an oibleagáid sin, tríd an tsainphribhléid a thabhairt do na Ballstáit saotharlann oifigiúil a ainmniú nach gcomhlíonann an oibleagáid chreidiúnaithe faoi choinníollacha áirithe, agus deonaítear solúbthacht áirithe leis maidir le raon feidhme an chreidiúnaithe:

    1.

    Féadfaidh an méid seo a leanas a bheith fíor maidir le raon feidhme creidiúnaithe saotharlainne oifigiúla:

    a.

    féadfar grúpaí modhanna a chuimsiú leis (Airteagal 37(5)(b) de OCR);

    b.

    féadfaidh é a bheith sainithe ar bhealach solúbtha (15) (Airteagal 37(5)(c) de OCR);

    2.

    Bunaítear maoluithe buana ar chreidiúnú éigeantach le haghaidh saotharlanna oifigiúla nach ndéanann ach Trichinella (16) a bhrath i bhfeoil agus saotharlanna nach ndéanann ach anailísí, tástálacha nó diagnóisí i gcomhthéacs gníomhaíochtaí oifigiúla eile (faoi na coinníollacha a thuairiscítear in Airteagal 40(1)(a) agus Airteagal 40(1)(b) de OCR, faoi seach);

    3.

    Na maoluithe buana ar an oibleagáid go gcumhdófar le raon feidhme an chreidiúnaithe na modhanna uile arna n-úsáid ag an tsaotharlann oifigiúil, bunaítear iad i Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1353 ón gCoimisiún (17) le haghaidh na réimsí a bhaineann le sláinte plandaí, ábhair a bhíonn i dtadhall le bia, breiseáin bhia, einsímí bia, breiseáin agus breiseáin bheatha bunaithe ar an gcumhachtú in Airteagal 41 de OCR;

    4.

    Ceadaítear maolú sealadach ar chreidiúnú éigeantach (1 + 1 bliain) le haghaidh saotharlanna oifigiúla sna cásanna seo a leanas, dá dtagraítear in Airteagal 42(1) de OCR, agus faoi réir na gcoinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 42(2) go (4) de OCR:

    a.

    i gcás ina mbeidh úsáid an mhodha sin nuacheangailte le rialacha an Aontais (agus sin ó dháta theacht i bhfeidhm na rialacha sin)

    b.

    i gcás ina gceanglófar creidiúnú nua nó sínte le hathruithe ar mhodh in úsáid (mura gcumhdaítear sin le raon feidhme creidiúnaithe solúbtha (15))

    c.

    i gcás ina n-eascróidh an gá chun an modh a úsáid as staid éigeandála nó as riosca atá ag teacht chun cinn.

    2.2.3.3.   Ainmniúchán trasteorann

    Féadfaidh na húdaráis inniúla saotharlann oifigiúil a ainmniú mar shaotharlann oifigiúil atá lonnaithe i mBallstát nó i dtír LEE eile (faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 37(2) de OCR). Leis an bhforáil sin tugtar solúbthacht áirithe do na Ballstáit, mar shampla, i gcás nach mbeidh aon saotharlann a chomhlíonann ceanglais Airteagal 37(4) agus (5) de OCR le fáil sa chríoch ina n-oibríonn an t-údarás inniúil. Na rialacha agus na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 34-42 de OCR, tá feidhm acu freisin maidir le saotharlanna oifigiúla a ainmnítear i mBallstát eile nó i dtír LEE eile. Mar shampla, saotharlanna arna n-ainmniú ag dhá údarás inniúla nó níos mó, ní mór dóibh a bheith in ann an ceanglas a chomhlíonadh chun acmhainneacht saotharlainne leordhóthanach a bheith acu (Airteagal 37(4)(a), (b) agus (d) de OCR) maidir lena ngealltanais i leith na n-údarás inniúil ainmniúcháin uile.

    I dteannta na socruithe idir gach údarás inniúil ainmniúcháin agus a shaotharlanna ainmnithe, na húdaráis inniúla a bhfuil an tsaotharlann chéanna ainmnithe acu mar shaotharlann oifigiúil, ba cheart dóibh cumarsáid agus comhar a dhéanamh eatarthu féin chun foráil a dhéanamh maidir leis an méid seo a leanas:

    iniúchtaí a dhéanamh (Airteagal 37(2) i gcomhar le hAirteagal 39(1) de OCR): is féidir leis an dá údarás inniúla nó leis na húdaráis inniúla uile iniúchtaí a dhéanamh ar leithligh nó is féidir iad a tharmligean chuig údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an tsaotharlann lonnaithe;

    malartú faisnéise maidir le raon feidhme creidiúnaithe na saotharlainne agus na torthaí ar mheasúnuithe creidiúnaithe, go háirithe i gcásanna ina mbíonn an Ballstát óstach ag brath ar mheasúnuithe creidiúnaithe;

    malartú faisnéise le haghaidh chás aistarraingthe an ainmniúcháin mar shaotharlann oifigiúil de réir Airteagal 39(2) de OCR, go háirithe aistarraingt arna déanamh ag an údarás inniúil sa Bhallstát ina bhfuil an tsaotharlann lonnaithe, ós rud é gur sainphribhléid an t-ainmniúchán sin le haghaidh ainmniú ó Bhallstát eile de réir Airteagal 37(2)(b) de OCR.

    Chun comhar a éascú idir na Ballstáit chun críche ainmniúcháin trasteorann, agus chun meastóireacht a dhéanamh ar na cásanna a thuairiscítear in Airteagal 37(6) de OCR, tairgeann an Coimisiún ardán lárnach le haghaidh na mBallstát chun faisnéis teagmhála saotharlann náisiúnta ainmnithe ina gcríocha a chomhroinnt i measc a chéile [nasc chuig liosta CIRCABC]. I dteannta na faisnéise a chomhroinntear ar an ardán, féadfaidh na Ballstáit a mheas faisnéis bhreise níos mionsonraithe a thairiscint maidir le gníomhaíochtaí a saotharlann ainmnithe (amhail modhanna atá ar fáil, stádas creidiúnaithe) ar shuíomhanna gréasáin a n-údarás inniúil nó a saotharlann.

    2.2.3.4.   Fochonraitheoireacht

    Ní mór na saotharlanna uile a dhéanann anailísí, tástálacha agus diagnóisí ar shamplaí oifigiúla a bheith ainmnithe mar shaotharlanna oifigiúla, mura bhfuil an saineolas, an trealamh, an bonneagar ná an fhoireann is gá ag saotharlann oifigiúil ar bith a ainmnítear san Aontas nó i dtír LEE chun anailísí, tástálacha nó diagnóisí saotharlainne nua nó iontach neamhchoitianta a dhéanamh (Airteagal 37(6) de OCR). Dá bhrí sin, seachas i gcásanna de bhun Airteagal 37(6) de OCR, ní fhéadfaidh saotharlanna oifigiúla cúraimí a ligean ar fochonradh ach le saotharlann oifigiúil eile. I gcás saotharlanna atá creidiúnaithe i gcomhréir le EN ISO/IEC 17025, na forálacha ábhartha maidir le táirgí agus seirbhísí de chuid an chaighdeáin sin a sholáthraítear go seachtrach, leanfar iad sna cásanna sin.

    Ba cheart an t-údarás inniúil ainmniúcháin a chur ar an eolas i gcónaí roimh aon ghníomhaíocht a ligean ar fochonradh le saotharlann oifigiúil eile. Má tá an tsaotharlann ar fochonradh lonnaithe sa Bhallstát céanna, ach í ainmnithe ag údarás inniúil éagsúil, tá gá le comhordú agus cumarsáid idir na húdaráis inniúla ainmniúcháin chun a áirithiú go gcomhlíonann an tsaotharlann ar fochonradh na ceanglais ainmniúcháin a leagtar síos in Airteagal 37(4) agus (5) de OCR ar feadh thréimhse an fhochonartha agus le haghaidh na gníomhaíochta ar fochonradh. Chun na críche sin, féadfaidh na húdaráis inniúla atá lonnaithe sa Bhallstát céanna tarraingt ar na foirmeacha comhair riaracháin atá ann cheana.

    I gcás cúraimí a ligean ar fochonradh le saotharlann oifigiúil i mBallstát nó i dtír LEE eile, le hAirteagal 37(2) de OCR ceanglaítear ar an údarás inniúil sa chéad Bhallstát an tsaotharlann atá lonnaithe sa Bhallstát nó sa tír LEE eile a ainmniú. Leis an riail sin áirithítear go bhfuil formhaoirseacht ag an údarás inniúil ainmniúcháin sa chéad Bhallstát ar gach saotharlann ainmnithe maidir lena chúraimí, lena fheidhmíocht agus le comhlíonadh a cheanglas gach tráth, agus gur féidir comhordú éifeachtach a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 37(2)(a) de OCR.

    Le hAirteagal 37(6) de OCR sonraítear eisceacht ar an gceanglas ainmniúcháin, trína cheadú do na húdaráis inniúla é a chur de chúram ar shaotharlanna nach bhfuil ainmnithe mar shaotharlanna oifigiúla ná ionaid dhiagnóiseacha anailísí, tástálacha nó diagnóisí saotharlainne nua nó iontach neamhchoitianta a dhéanamh. Mar sin féin, ní cheadaítear sin ach mura bhfuil an saineolas, an trealamh, an bonneagar ná an fhoireann is gá ag saotharlann oifigiúil ar bith eile i mBallstát nó i dtír LEE chun na hanailísí sin a dhéanamh. Ba cheart do na húdaráis inniúla údar a thabhairt lena gcinneadh chun an fhoráil sin a chur i bhfeidhm trína léiriú gur nochtadh le himscrúduithe nach bhféadfaí aon saotharlann oifigiúil oiriúnach eile a shainaithint. Is é a d’fhéadfadh a bheith i gceist le himscrúduithe na sásraí le haghaidh cúnamh agus comhar riaracháin dá bhforáiltear in Airteagail 102-108 de OCR agus/nó an bunachar sonraí saotharlann arna fhorbairt ag an Ard-Stiúrthóireacht um Shláinte agus Sábháilteacht Bia de chuid an Choimisiúin (18). An nós imeachta chun “iarraidh ar shaotharlann nó ar ionad diagnóiseach […] na hanailísí, na tástálacha agus na diagnóisí sin a dhéanamh”, ní cheanglaítear ainmniúchán foirmiúil leis i gcomhréir le hAirteagal 37(1) de OCR, ach is féidir leis a bheith bunaithe ar chomhaontú conarthach leis an tsaotharlann faoi seach.

    2.2.3.5.   Iniúchtaí

    Is é an t-údarás inniúil ainmniúcháin atá freagrach as a fhíorú go leanann an tsaotharlann oifigiúil de bheith ag comhlíonadh na gceanglas ainmniúcháin a leagtar síos in Airteagal 37(4) agus (5) de OCR agus na hoibleagáidí in Airteagal 38 de OCR. Tá iniúchtaí creidiúnaithe ar an bpríomhionstraim chun ardfheidhmíocht saotharlann oifigiúil a áirithiú. Dá bhrí sin, féadfaidh na húdaráis inniúla a n-oibleagáid a chomhlíonadh chun iniúchtaí tráthrialta a eagrú trí bheith ag brath ar mheasúnuithe creidiúnaithe arna ndéanamh ag an gcomhlacht náisiúnta creidiúnaithe, má mheasann siad go bhfuil na hiniúchtaí sin iomarcach i.e coibhéiseach le hiniúchtaí arna ndéanamh ag an údarás inniúil, i gcomhréir le hAirteagal 39(1) de OCR. Ba cheart do na húdaráis inniúla a áirithiú go gcuirtear ar an eolas iad faoi na torthaí ar mheasúnuithe creidiúnaithe mar aon le haon bheart feabhais arna dhéanamh ag an tsaotharlann oifigiúil, chun bheith in ann beart a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 39(2) de OCR.

    I dteannta measúnuithe creidiúnaithe, ba cheart sásraí a bheith i bhfeidhm lena gcuirtear é ar a chumas don údarás inniúil freagairt do neamhchomhlíonadh na saotharlainne oifigiúla leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 37(4)(a) go (d) de OCR agus lena hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 38 de OCR. Féadfar a áireamh ar na sásraí sin tuairisciú bliantúil, tuairisciú tráthrialta, malartú faisnéise le húdaráis áitiúla ar aistrigh an t-údarás inniúil freagrachtaí chucu i gcomhréir le hAirteagal 4(2) de OCR agus a oibríonn leis an tsaotharlann oifigiúil ar bhonn tráthrialta, mar aon le hathbhreithniú ar thorthaí tástálacha comparáideacha nó tástálacha inniúlachta idirshaotharlainne arna n-eagrú ag NRLanna.

    I gcás inarb ann do léiriú ar neamhchomhlíonadh na saotharlainne oifigiúla maidir le haon cheann de na pointí a luaitear in Airteagal 39(2) de OCR, déanfaidh an t-údarás inniúil beart, mar shampla trí iniúchtaí breise a eagrú i gcomhréir le hAirteagal 39(1) de OCR, trí iarraidh ar an tsaotharlann beart feabhais a dhéanamh agus tríd an ainmniúchán a tharraingt siar ar deireadh, mura ndéanann an tsaotharlann beart feabhais iomchuí agus tráthúil.

    Le haghaidh treoraíocht maidir le socruithe iniúchóireachta idir údaráis inniúla Ballstát éagsúil féach thuas faoi “ainmniúchán trasteorann” agus “fochonraitheoireacht”.

    2.3.   CAIBIDIL VI — Rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile a mhaoiniú (Airteagail 78 go dtí 85 de OCR)

    2.3.1.   Maoiniú - rialacha ginearálta

    Chun laghdú a dhéanamh ar spleáchas an chórais rialaithe oifigiúil ar airgeadas poiblí, ceanglaítear ar na húdaráis inniúla táillí nó muirir a bhailiú chun na costais a thabhaíonn siad i ndáil le rialuithe oifigiúla áirithe a chumhdach (táillí agus muirir éigeantacha). Is amhlaidh an cás mar shampla chun na costais a aisghabháil, ar costais iad a thabhaigh na húdaráis inniúla i ndáil le rialuithe oifigiúla a rinneadh ar ainmhithe agus ar earraí dá dtagraítear in Airteagal 47(1) de OCR. I gcomhréir le hAirteagal 78 de OCR, ní mór do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil acmhainní airgeadais leordhóthanacha ar fáil chun an fhoireann agus acmhainní eile is gá a sholáthar chun go ndéanfaidh na húdaráis inniúla rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile. Beidh feidhm aige sin freisin i gcás cúraimí sonracha áirithe i ndáil le rialú oifigiúil agus i gcás gníomhaíochtaí oifigiúla áirithe eile a tharmligean i gcomhréir le hAirteagal 28 agus Airteagal 31.

    Cé gurb iad na hoibreoirí is mó atá freagrach as a áirithiú go ndéantar a ngníomhaíochtaí i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais maidir leis an slabhra agraibhia, ba cheart go mbeadh córas tiomnaithe rialuithe oifigiúla a bheith ag comhlánú a gcórais féinrialaithe féin a chuir siad i bhfeidhm chun na críche sin, ar córas é a choinneoidh gach Ballstát ar bun chun faireachas éifeachtach a áirithiú feadh an tslabhra agraibhia.

    2.3.2.   Táillí nó muirir éigeantacha

    Chuige sin, déantar foráil maidir leis an méid seo a leanas le hAirteagal 79(1) de OCR:

    Airteagal 79(1) de OCR

    1.   Baileoidh na húdaráis inniúla táillí nó muirir le haghaidh na rialuithe oifigiúla a rinneadh i ndáil leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i gCaibidil II d’Iarscríbhinn IV agus ar ainmhithe agus ar earraí dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) d’Airteagal 47(1), ag poist rialaithe teorann nó ag na pointí rialaithe dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 53(1);

    (a)

    ar leibhéal an chostais a ríomhadh i gcomhréir le hAirteagal 82(1); nó

    (b)

    ar leibhéil na méideanna dá bhforáiltear in Iarscríbhinn IV.

    Sampla: I gcás coinsíneachtaí idirthurais plandaí ag an teorainn, ní mór na táillí a mhuirearú de réir Chaibidil I d’Iarscríbhinn IV cuid VII (VII. COINSÍNEACHTAÍ AINMHITHE AGUS EARRAÍ Ó THRÍÚ TÍORTHA AR IDIRTHURAS NÓ A THRASLOINGSÍTEAR) agus seachas de réir chuid VIII (VIII. COINSÍNEACHTAÍ PLANDAÍ, TÁIRGÍ PLANDAÍ AGUS TÁIRGÍ EILE, RÉAD AGUS ÁBHAR A BHFUIL AR A gCUMAS LOTNAIDÍ PLANDAÍ A IOMPAR NÓ A LEATHADH).

    Ina theannta sin, le hAirteagal 79(2) de OCR déantar foráil go mbaileoidh na húdaráis inniúla táillí nó muirir chun na costais a thabhaíonn siad i ndáil le rialuithe oifigiúla a rinneadh ar ainmhithe agus ar earraí a aisghabháil, dá dtagraítear i bpointí (d), (e) agus (f) d’Airteagal 47(1) de OCR, le rialuithe oifigiúla arna n-iarraidh ag an oibreoir chun an formheas a fháil dá bhforáiltear in Airteagal 10 de Rialachán (CE) Uimh. 183/2005 agus rialuithe oifigiúla nach raibh pleanáilte i dtosach agus a tháinig chun bheith riachtanach tar éis don oibreoir céanna cásanna neamhchomhlíonta a bhrath agus a dhéantar chun measúnú a dhéanamh ar mhéid agus ar thionchar an cháis neamhchomhlíonta nó chun a fhíorú gur leigheasadh an neamhchomhlíonadh.

    2.3.3.   Táillí nó muirir eile (nach bhfuil éigeantach)

    Mar a shonraítear in Airteagal 80 de OCR, féadfaidh na Ballstáit táillí nó muirir a bhailiú chun go gcumhdófar na costais a bhaineann le rialuithe oifigiúla agus le gníomhaíochtaí oifigiúla eile seachas na táillí nó na muirir sin dá dtagraítear in Airteagal 79 de OCR, mura dtoirmisctear sin leis na forálacha reachtacha is infheidhme sna réimsí a rialaítear leis na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de OCR. Níl na táillí ná na muirir sin éigeantach agus i dtaca le hAirteagal 81 de OCR maidir le costais agus Airteagal 82 de OCR maidir le táillí nó muirir a ríomh, níl feidhm acu maidir leis na táillí ná na muirir sin. Mar sin féin, leis na táillí a bhailítear de bhun Airteagal 80 de OCR urramófar na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 83, 84 agus 85 den Rialachán sin.

    Mar shampla, le hAirteagal 21, mír 2, litir (a) de OCR sonraítear rialacha sonracha maidir le rialuithe oifigiúla a dhéantar roimh an lódáil chun oiriúnacht na n-ainmhithe atá le hiompar a sheiceáil. Na táillí nó na muirir le haghaidh rialuithe oifigiúla faoi Airt. 21(2)(a) de OCR, féadfar iad a bhailiú de bhun Airteagal 80 de OCR, toisc nach dtagann na rialuithe faoi raon feidhme Airteagal 79 de OCR ná nach dtoirmisctear leis an reachtaíocht maidir le hiompar ainmhithe táillí agus muirir a mhuirearú, lena n-áirítear le haghaidh seiceálacha oiriúnachta ar ainmhithe roimh an lódáil agus an iompar chuig tríú tíortha. Ba cheart na costais a tabhaíodh a chumhdach leo ach níor cheart dul tharstu leo.

    2.3.4.   An leibhéal costas agus modhanna ríofa táillí nó muirear éigeantacha

    Ní mór do na húdaráis inniúla táillí nó muirir éigeantacha a bhailiú i ndáil le rialuithe oifigiúla dá dtagraítear in Airteagal 79(1) de OCR ar leibhéal an chostais a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 82(1) de OCR nó ar na méideanna dá bhforáiltear in Iarscríbhinn IV a ghabhann le OCR. Muirir nó táillí a bhailítear i ndáil le rialuithe oifigiúla dá dtagraítear in Airteagal 79(2) de OCR, ríomhfar iad freisin i gcomhréir le hAirteagal 82(1) de OCR, nó baileofar na méideanna sin díobh dá bhforáiltear in Iarscríbhinn IV a ghabhann le OCR, le haghaidh na n-ainmhithe nó na n-earraí nó na ngníomhaíochtaí sin ar lena n-aghaidh a bhunaítear táillí san Iarscríbhinn sin.

    Le Caibidil I d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le OCR sonraítear na táillí nó na muirir le haghaidh na rialuithe oifigiúla ar choinsíneachtaí ainmhithe agus earraí a thagann isteach san Aontas, mar shampla ainmhithe beo, feoil, táirgí iascaigh, plandaí, táirgí planda, earraí faoi bhealach, etc. Le Caibidil II den Iarscríbhinn chéanna sonraítear na táillí nó na muirir le haghaidh na rialuithe oifigiúla i seamlais, monarchana gearrtha, monarchana próiseála géim, táirgeadh bainne agus táirgí iascaigh agus táirgí dobharshaothraithe a tháirgeadh agus a chur ar an margadh.

    Le hAirteagal 79(1) de OCR ní cheadaítear do na húdaráis inniúla úsáid a bhaint as teaglaim den dá mhodh a luaitear i bpointí (a) agus (b) den Airteagal sin i ndáil le coinsíneachtaí dá dtagraítear i gCaibidil I d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le OCR, ar coinsíneachtaí ainmhithe agus earraí iad a bhaineann leis an gcatagóir chéanna (19) (e.g. rialuithe oifigiúla ar choinsíneachtaí táirgí iascaigh) agus i ndáil le gníomhaíochtaí dá dtagraítear i gCaibidil II d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le OCR a bhaineann leis an gcatagóir chéanna (20) (e.g. rialuithe oifigiúla i seamlais). Ciallaíonn sin go bhféadfaidh na Ballstáit táillí nó muirir a chinneadh ar leibhéal na gcostas a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 82(1) de OCR maidir le roinnt coinsíneachtaí dá dtagraítear i gCaibidil I d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le OCR, ar coinsíneachtaí ainmhithe nó earraí iad a bhaineann leis an gcatagóir chéanna (e.g. rialuithe oifigiúla ar choinsíneachtaí feola) nó maidir le roinnt gníomhaíochtaí dá dtagraítear i gCaibidil II d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le OCR a bhaineann leis an gcatagóir chéanna (e.g. rialuithe oifigiúla i monarchana gearrtha) agus ar na méideanna dá bhforáiltear in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán sin, maidir le coinsíneachtaí ainmhithe nó earraí a bhaineann le catagóir eile (e.g. rialuithe oifigiúla ar choinsíneachtaí de tháirgí feola, feoil éanlaithe clóis, feoil géim fhiáin, feoil coinín nó feoil géim shaothraithe) nó maidir le gníomhaíochtaí a bhaineann le catagóir eile (e.g. rialuithe oifigiúla ar tháirgeadh bainne). Mar sin féin, ní fhéadfaidh na Ballstáit déanamh amhlaidh ach a mhéid a chomhlíontar bunphrionsabail an neamh-idirdhealaithe agus na córa comhionainne leis an difreáil sin.

    Na costais a liostaítear in Airteagal 81 de OCR níl siad ábhartha ach le haghaidh Airteagal 79(1)(a) agus Airteagal 79(2) de OCR, seachas le haghaidh Airteagal 79(1)(b) de OCR.

    Sampla: I ndáil le táillí allmhairiúcháin, roghnaíonn Ballstát Airteagal 79(1)(b) de OCR a chur i bhfeidhm (i.e. táillí nó muirir le haghaidh na rialuithe oifigiúla ar choinsíneachtaí ainmhithe agus earraí a thagann isteach san Aontas mar a shonraítear i gCaibidil I d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le OCR). Mar sin féin, tá costais bhreise ann, amhail an t-iompar i gcás seiceálacha a dhéantar i bhfad ó phoist rialaithe teorann agus muirir ragoibre oifigeach a dhéanann cigireachtaí lasmuigh d’uaireanta gnó oifigiúla. Ní féidir na costais sin a chur leis na táillí bunaithe ar Airteagal 79(1)(b) de OCR, toisc go bhfuil na táillí in Iarscríbhinn IV a ghabhann le OCR ina dtáillí seasta agus nár cheart do na Ballstáit costais bhreise a cheangal.

    Le hAirteagal 82(1) de OCR, sonraítear an méid seo a leanas:

    Airteagal 82(1) de OCR

    1.   Táillí nó muirir arna mbailiú i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 79(1) agus le hAirteagal 79(2), déanfar iad a bhunú de réir ceann de na modhanna ríofa seo a leanas nó de réir teaglaim díobh:

    (a)

    déanfar iad a shuíomh ag ráta comhréidh, ar bhonn chostais fhoriomlána na rialuithe oifigiúla arna dtabhú ag na húdaráis inniúla thar thréimhse ar leith, agus arna gcur i bhfeidhm maidir leis na hoibreoirí ar fad, beag beann ar aon rialú oifigiúil a bheith á dhéanamh le linn na tréimhse tagartha i ndáil le gach oibreoir arna mhuirearú; agus iad ag cinneadh leibhéal na dtáillí a bheidh le muirearú ar gach earnáil, gníomhaíocht agus catagóir oibreoirí, cuirfidh na húdaráis inniúla san áireamh an tionchar atá ag cineál agus ag méid na gníomhaíochta lena mbaineann, agus ag na tosca riosca ábhartha, ar leithdháileadh chostais fhoriomlána na rialuithe oifigiúla sin; nó

    (b)

    ríomhfar iad ar bhonn ríomh chostais iarbhír gach rialaithe oifigiúil aonair, agus cuirfear i bhfeidhm iad maidir leis na hoibreoirí atá faoi réir rialaithe oifigiúil den sórt sin.

    Le litir (a) den fhoráil sin ceadaítear do na Ballstáit an ráta comhréidh a ríomh le haghaidh earnáil, gníomhaíocht nó catagóir shonrach oibreoirí, ar bhonn chostais na rialuithe oifigiúla uile i raon feidhme OCR. A mhéid a bhaineann le ríomh na dtáillí atá le muirearú le haghaidh gach earnála, gníomhaíochta agus catagóire oibreoirí, le hAirteagal 82(1)(a) de OCR ceanglaítear ar na Ballstáit a chur san áireamh an tionchar atá ag cineál agus ag méid na gníomhaíochta lena mbaineann, agus ag na tosca riosca ábhartha, ar leithdháileadh chostais fhoriomlána na rialuithe oifigiúla.

    De réir Airteagal 82(3) de OCR, i gcás ina ríomhfar táillí nó muirir ar ráta comhréidh i gcomhréir le hAirteagal 82(1)(a) de OCR, ní bheidh na táillí ná na muirir sin arna mbailiú ag na húdaráis inniúla níos mó ná na costais fhoriomlána arna dtabhú le haghaidh na rialuithe oifigiúla arna ndéanamh le linn na tréimhse dá dtagraítear ann. De bhun Airteagal 82(4) de OCR, i gcás ina ríomhfar táillí nó muirir i gcomhréir le hAirteagal 82(1)(b) de OCR, ní bheidh siad níos mó ná costas iarbhír an rialaithe oifigiúil a rinneadh.

    Le hAirteagal 81(a) go (g) de OCR soiléirítear a thuilleadh raon feidhme na gcostas foriomlán sin. Áirítear orthu sin, a mhéid a thagann siad ó na rialuithe oifigiúla lena mbaineann, “tuarastail na foirne, lena n-áirítear foireann tacaíochta agus riaracháin, atá bainteach leis na rialuithe oifigiúla a dhéanamh, slándáil shóisialta na foirne sin, agus a bpinsean agus costais árachais” (faoi (a)), mar aon le “costas saoráidí agus trealaimh, lena n-áirítear costais chothabhála agus árachais agus costais ghaolmhara eile” (faoi (b)), “costas oiliúna” — cé is moite den oiliúint sin is gá chun an cháilíocht is gá a fháil le bheith fostaithe ag na húdaráis inniúla (faoi (e)) — agus “costas taistil” (faoi (f)) na foirne sin.

    A mhéid a bhaineann le raon feidhme chostais fhoriomlána na rialuithe oifigiúla a sheasann na húdaráis inniúla le linn tréimhse ar leith dá dtagraítear in Airteagal 82(1)(a) de OCR, soiléirítear le haithris 66 den Rialachán sin gur féidir forchostais a chumhdach leo sin, ar forchostais iad arna dtabhú ag na húdaráis inniúla chun rialuithe oifigiúla a dhéanamh. Soiléirítear a thuilleadh leis an aithris sin go bhféadfar a áireamh le forchostais, costais na tacaíochta agus an eagrúcháin is gá chun na rialuithe oifigiúla a phleanáil agus a chur i gcrích.

    Ina theannta sin, i gcás ina gcuirfear táillí nó muirir i bhfeidhm ar bhonn chostas iarbhír na rialuithe oifigiúla aonair, ba cheart do na hoibreoirí a bhfuil taifead maith i ndáil le comhlíonadh acu muirir fhoriomlána níos ísle a sheasamh ná oibreoirí neamhchomhlíontacha, mar nár cheart go mbeidís faoi réir rialuithe oifigiúla chomh minic céanna. Nuair a ríomhtar táillí nó muirir ar bhonn na gcostas foriomlán arna dtabhú ag na húdaráis inniúla le linn tréimhse ar leith agus arna bhforchur ar na hoibreoirí uile gan beann ar cé acu atá nó nach bhfuil siad faoi réir rialú oifigiúil le linn na tréimhse tagartha, ba cheart na táillí nó na muirir sin a ríomh ar mhaithe le haitheantas a thabhairt d’oibreoirí a bhfuil taifead leanúnach comhlíontachta acu le reachtaíocht an Aontais maidir leis an slabhra agraibhia.

    I ndáil le costais a bhaineann go sonrach leis an bhfoireann riaracháin agus tacaíochta, de réir chásdlí bunaithe Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (21) an tréimhse a éilíonn an fhoireann riaracháin agus tacaíochta le haghaidh gníomhaíochtaí atá nasctha go dlúth le rialuithe oifigiúla a dhéanamh, ní féidir ach an tréimhse sin a chur san áireamh agus na táillí á ríomh.

    Le hAirteagal 79(3) de OCR ceadaítear do na Ballstáit laghdú a dhéanamh ar mhéid na dtáillí nó na muirear le haghaidh gníomhaíochtaí dá dtagraítear i gCaibidil II d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le OCR (seamlais, monarchana gearrtha, monarchana próiseála géim, táirgeadh bainne agus táirgí iascaigh agus táirgí dobharshaothraithe a tháirgeadh agus a chur ar an margadh), ar bhonn oibiachtúil agus neamh-idirdhealaitheach, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:

    leasanna na n-oibreoirí a bhfuil tréchur íseal acu;

    na modhanna traidisiúnta a úsáidtear le haghaidh táirgeadh, próiseála agus leithdháileadh;

    riachtanais na n-oibreoirí atá suite i réigiúin atá faoi réir srianta geografacha sonracha;

    agus taifead comhlíontachta an oibreora leis na rialacha ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de OCR, mar a fionnadh trí rialuithe oifigiúla.

    2.3.5.   Trédhearcacht

    Aithris 68 de OCR:

    Ba cheart maoiniú rialuithe oifigiúla trí tháillí nó trí mhuirir arna mbailiú ó oibreoirí a bheith go hiomlán trédhearcach, chun go mbeidh saoránaigh agus gnólachtaí in ann tuiscint a fháil ar an modh agus ar na sonraí a úsáidtear chun táillí nó muirir a shuíomh

    Airteagal 85 de OCR

    Trédhearcacht

    1.

    Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh ardleibhéal trédhearcachta ann maidir leis na nithe seo a leanas:

    (a)

    na táillí nó na muirir dá bhforáiltear i bpointe (a) d’Airteagal 79(1), Airteagal 79(2) agus Airteagal 80, eadhon:

    (i)

    an modh agus na sonraí a úsáidtear chun na táillí nó na muirir sin a shuíomh;

    (ii)

    méid na dtáillí nó na muirear, a chuirtear i bhfeidhm maidir le gach catagóir oibreora, agus i leith gach catagóir de rialuithe oifigiúla nó de ghníomhaíochtaí oifigiúla eile;

    (iii)

    briseadh síos na gcostas amhail dá dtagraítear in Airteagal 81;

    (b)

    céannacht na n-údarás nó na gcomhlachtaí atá freagrach as na táillí nó na muirir a bhailiú.

    2.

    Cuirfidh gach údarás inniúil ar fáil don phobal le haghaidh gach tréimhse tagartha, an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, na costais don údarás inniúil a bhfuil táille nó muirear dlite ina leith i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 79(1), Airteagal 79(2) agus Airteagal 80.

    3.

    Rachaidh na Ballstáit i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha uile maidir leis na modhanna ginearálta a úsáidtear chun na táillí nó na muirir dá bhforáiltear i bpointe (a) d’Airteagal 79(1), Airteagal 79(2) agus Airteagal 80 a ríomh.

    Is é a eascraíonn as Airteagal 85 de OCR gur gá do na Ballstáit ardleibhéal trédhearcachta a áirithiú maidir leis na táillí nó leis na muirir dá bhforáiltear i bpointe (a) d’Airteagal 79(1), Airteagal 79(2) agus Airteagal 80 de OCR agus maidir le céannacht na n-údarás nó na gcomhlachtaí atá freagrach as na táillí nó na muirir a bhailiú.

    Ní mór do na Ballstáit nasc a sholáthar chuig leathanach gréasáin an údaráis inniúil ina bhfuil an fhaisnéis phoiblí maidir leis na táillí nó leis na muirir dá dtagraítear in Airteagal 85(2) de OCR ina dtuarascálacha bliantúla i gcomhréir le hAirteagal 113(1)(e) de OCR agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/723 ón gCoimisiún.

    3.   TEIDEAL III — SAOTHARLANNA TAGARTHA AGUS LÁRIONAID TAGARTHA

    Is é is cuspóir do shaotharlanna tagartha de chuid an Aontais agus saotharlanna náisiúnta tagartha cleachtais aonfhoirmeacha a chur chun cinn i ndáil le forbairt nó le húsáid na modhanna arna gcur i bhfeidhm ag na saotharlanna oifigiúla arna n-ainmniú ag na Ballstáit, agus dá réir sin iontaofacht agus comhsheasmhacht na dtorthaí ar thástálacha, anailísí agus diagnóisí arna ndéanamh i gcomhthéacs rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile á n-áirithiú.

    Is é is cuspóir do Lárionaid Tagartha de chuid an Aontais saineolas eolaíoch agus teicniúil a chur chun cinn sna réimsí a bhaineann le leas ainmhithe agus barántúlacht agus sláine an tslabhra agraibhia, agus dá réir sin comhthuiscint eolaíoch á cothú ina réimsí fócais faoi seach mar bhunús le rialuithe oifigiúla agus le gníomhaíochtaí oifigiúla eile.

    3.1.   Ainmniúchán agus raon feidhme an mhisin

    3.1.1.   Saotharlanna tagartha an Aontais agus lárionaid tagartha an Aontais (Airteagail 92 go 99 de OCR)

    Déantar raonta feidhme na ngníomhaíochtaí de chuid EURLanna agus EURCanna a chinneadh go príomha leis an reachtaíocht earnáilsonrach lena rialaítear na réimsí beartais faoi seach de dhlí an Aontais maidir le slabhra agraibhia agus lena mbunaítear an gá le modhanna comhchuibhithe agus le saineolas eolaíoch, i gcomhréir le hAirteagal 92(1) de OCR le haghaidh EURLanna, agus Airteagail 95(1) agus 97(1) de ORC le haghaidh EURC, faoi seach.

    Is féidir leis an gCoimisiún cinneadh foirmiúil a dhéanamh EURL a bhunú le haghaidh earnáil shonrach trí ghníomh tarmligthe (Airteagal 92(4) de OCR) agus ansin ainmneoidh sé — trí ghníomh cur chun feidhme (Airteagal 93(1) de OCR) — saotharlann amháin nó roinnt saotharlann chun feidhmeanna EURLanna a ghlacadh chuici nó chucu féin tar éis nós imeachta roghnúcháin poiblí (Airteagal 93(2)(a) de OCR). Leis na cinntí bunaíochta agus ainmniúcháin sin féadfar raon feidhme EURLanna a chúngú chuig réimsí áirithe saineolais (e.g. grúpaí pataiginí, speicis lotnaidí, etc.). Mar an gcéanna, le cinneadh foirmiúil an Choimisiúin EURC amháin nó roinnt EURCanna a ainmniú le haghaidh leas ainmhithe nó le haghaidh bharántúlacht agus shláine an tslabhra agraibhia (22) trí ghníomhartha cur chun feidhme, is féidir raon feidhme EURC a chúngú chuig réimsí saineolais áirithe.

    Na cúraimí éigeantacha atá le déanamh ag EURLanna agus ag EURCanna, mar aon leis na ceanglais le haghaidh a n-oibríochta (e.g. trealamh, foireann, creidiúnú, etc.) leagtar síos iad in Airteagail 93(3) agus 94 de OCR le haghaidh EURLanna, in Airteagail 95(3) agus 96 de OCR le haghaidh EURCanna le haghaidh leas ainmhithe agus in Airteagail 97(3) agus 98 de OCR le haghaidh EURCanna le haghaidh bharántúlacht agus shláine an tslabhra agraibhia. Laistigh den chreat dlíthiúil sin, tá cuid mhór solúbthachta ann chun raon feidhme mionsonraithe misin EURL nó EURC a shonrú ina chlár oibre bliantúil nó ilbhliantúil.

    Má shainaithnítear cúraimí nó ceanglais bhreise le haghaidh EURL nó EURC tar éis a ainmniúcháin, ba cheart measúnú a dhéanamh ar cé acu a thagann nó nach dtagann na cúraimí agus na ceanglais bhreise sin faoi raon feidhme 1) na reachtaíochta earnáilsonraí faoi seach, 2) an ghnímh tharmligthe bunaíochta agus/nó an ghnímh cur chun feidhme ainmniúcháin agus 3) na catalóige de chúraimí agus de cheanglais a thuairiscítear in Airteagail 93-98 de OCR. Má thagann na cúraimí nó na ceanglais bhreise faoin raon feidhme sin, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh iad a áireamh i gclár oibre bliantúil nó ilbhliantúil EURL nó EURC. Mura dtagann na cúraimí ná na ceanglais bhreise faoin raon feidhme ar a dtugtar tuairisc thuas, ceanglaítear cinneadh foirmiúil ón gCoimisiún trí ghníomh tarmligthe de réir Airteagal 99(2) de OCR. Mar sin féin, tá an nós imeachta sin srianta do staideanna lena mbaineann rioscaí nua nó rioscaí atá ag teacht chun cinn, galair ainmhithe nua nó galair ainmhithe atá ag teacht chun cinn nó lotnaidí plandaí nua nó lotnaidí plandaí atá ag teacht chun cinn nó ina dtugtar údar leis sin le ceanglais dhlíthiúla nua.

    3.1.2.   Saotharlanna tagartha náisiúnta (Airteagail 100 go 101 de OCR)

    Ainmneoidh na Ballstáit NRL amháin nó níos mó le haghaidh gach EURL. Is féidir réimse gníomhaíochtaí EURL a bheith cumhdaithe ag institiúid náisiúnta chomhfhreagrach amháin a fheidhmíonn mar NRL nó is féidir iad a roinnt thar roinnt institiúidí náisiúnta. Sa chás deireanach, áiritheoidh na Ballstáit dlúthchomhar idir saotharlanna a chomhroinneann feidhm NRL (Airteagal 100(5) de OCR). Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh freisin NRLanna breise a ainmniú le haghaidh réimsí beartais nach ann d’aon EURL comhfhreagrach (Airteagal 100(1) de OCR). Leis na NRLanna breise sin comhlíonfar mar sin féin ceanglais, cúraimí agus freagrachtaí NRLanna mar a leagtar síos in Airteagal 100 agus 101 de OCR, seachas iad sin maidir le comhar le EURLanna (e.g. Airteagal 101(1)(a) agus 101(1)(d) de OCR).

    Féadfaidh feidhm saotharlainne oifigiúla agus saotharlainne tagartha a bheith le saotharlann, ar choinníoll go gcomhlíonann sí na ceanglais agus na hoibleagáidí agus go mbeidh sí ainmnithe le haghaidh gach ceann de na feidhmeanna sin.

    Féadfaidh na Ballstáit saotharlann atá lonnaithe i dtír eile de chuid an Aontais nó LEE a ainmniú mar NRL. Féadfar an sásra sin a úsáid, mar shampla, i gcás nach mbeidh an acmhainneacht ná an saineolas ag saotharlanna náisiúnta na ceanglais le haghaidh chreidiúnú NRLanna a chomhlíonadh. Thairis sin, de bhun an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (23), agus go háirithe Airteagal 5(4) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann agus a Iarscríbhinn 2, roinn 43, is é sin an t-aon sásra amháin trínar féidir NRLanna i leith Thuaisceart Éireann a ainmniú.

    3.2.   Creidiúnú

    3.2.1.   EURLanna (Airteagal 93 de OCR) agus NRLanna (Airteagal 100 de OCR)

    Tá oibleagáid ar EURLanna agus NRLanna oibriú i gcomhréir le EN ISO/IEC 17025 agus a bheith creidiúnaithe faoin gcaighdeán sin. Áireofar le raon feidhme a gcreidiúnaithe na modhanna anailíse, tástála nó diagnóise saotharlainne uile a gceanglaítear ar an tsaotharlann iad a úsáid i gcás ina n-oibreoidh sí mar EURL nó NRL. Is féidir an téarma “modh” a thuiscint mar nós imeachta tomhais a chuirtear i bhfeidhm maidir le maitrís shonrach nó grúpa maitrísí, agus maidir le hanailít shonrach nó grúpa anailítí, nó teaglaim díobh, de réir an mhodha i gceist, i gcomhréir le EN ISO/IEC 17025.

    Comhfhreagraíonn na rialacha sin do na hoibleagáidí ábhartha a bhunaítear chun saotharlanna oifigiúla a ainmniú in Airteagal 37(4)(e) agus Airteagal 37(5) de OCR (féach caibidil 2.2.3.2 maidir le creidiúnú). Le OCR déantar foráil do mhaoluithe ar an oibleagáid sin, tríd an tsainphribhléid a thabhairt do na Ballstáit NRL a ainmniú nach gcomhlíonann an oibleagáid chreidiúnaithe faoi choinníollacha áirithe, agus deonaítear solúbthacht áirithe leis maidir le raon feidhme an chreidiúnaithe:

    1.

    Féadfaidh an méid seo a leanas a bheith fíor maidir le raon feidhme creidiúnaithe NRL nó EURL

    a.

    féadfar grúpaí modhanna (Airteagal 100(2) i gcomhar le hAirteagal 37(5)(b) de OCR le haghaidh NRLanna, Airteagal 93(3)(a)(ii) de OCR le haghaidh EURLanna) a chuimsiú leis

    b.

    féadfar é a shainiú ar bhealach solúbtha (Airteagal 100(2) i gcomhar le hAirteagal 37(5)(c) de OCR le haghaidh NRLanna, Airteagal 93(3)(a)(iii) de OCR le haghaidh EURLanna)

    2.

    Ceadaítear maolú sealadach ar chreidiúnú éigeantach (1 + 1 bhliain) le haghaidh NRLanna (Airteagal 100(2) i gcomhar le hAirteagal 42(1), Airteagal 42(2)(a)+(b) agus Airteagal 42(3) de OCR):

    a.

    i gcás ina mbeidh úsáid an mhodha sin nuacheangailte le rialacha an Aontais, i gcomhréir le hAirteagal 34(1) de OCR (ó dháta theacht i bhfeidhm na rialacha sin)

    b.

    i gcás ina gceanglófar creidiúnú nua nó sínte le hathruithe ar mhodh in úsáid (mura gcumhdaítear sin le raon feidhme creidiúnaithe solúbtha (24))

    c.

    i gcás ina n-eascróidh an gá chun an modh a úsáid as staid éigeandála nó as riosca atá ag teacht chun cinn.

    3.

    Maidir le réimse na sláinte plandaí, bhí idirthréimhse ann go dtí an 29 Aibreán 2022 chun go dtiocfaidh an ceanglas creidiúnaithe i bhfeidhm (Airteagal 167(2) de OCR).

    Ní thagann NRLanna ná EURLanna faoi raon feidhme an chumhachtaithe dá bhforáiltear in Airteagal 41 de OCR maidir le maoluithe ar chreidiúnú éigeantach a bhunú (25). Mar sin féin, le haghaidh réimse na sláinte plandaí, féadfaidh na húdaráis inniúla nó an Coimisiún faoi seach saotharlanna oifigiúla a ainmniú, arna n-ainmniú amhlaidh ar bhonn maolú a ghlactar faoi Airteagal 41 de OCR, mar NRL nó EURL gan beann ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann siad an coinníoll a bhaineann lena modhanna uile a chreidiúnú (Airteagal 93(4) agus Airteagal 100(2) de OCR, faoi seach). Ní dhéanfaí difear leis an bhféidearthacht sin do NRLanna ná EURLanna i réimse na sláinte plandaí a ainmníodh amhlaidh roimh ghlacadh an ghnímh tharmligthe faoi Airteagal 41 de OCR.

    3.2.2.   EURCanna (Airteagail 95 go dtí 98 de OCR)

    De bharr a misin atá dírithe ar thacaíocht, níl aon fhoráil ann le haghaidh creidiúnú éigeantach EURCanna. Mar sin féin, “beidh saineolas eolaíoch agus teicniúil ar ardleibhéal” ag EURCanna ina réimse fócais faoi seach agus “áiritheoidh siad go mbeidh eolas maith ag a bhfoireann ar chaighdeáin agus ar chleachtais idirnáisiúnta” (Airteagal 95(3)(b) agus (e), agus Airteagal 97(3)(b) agus (e) de OCR, faoi seach).

    3.3.   Oibleagáidí maidir le foilsiú agus fógra a thabhairt

    3.3.1.   Liosta NRLanna

    Déanfaidh na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 100(4) de OCR, liosta d’ainmneacha agus de sheoltaí NRLanna atá tugtha cothrom le dáta a chur in iúl don Choimisiún, do na Ballstáit eile agus do na EURLanna ábhartha agus cuirfidh siad an liosta sin ar fáil go poiblí.

    Déanfaidh EURLanna, i gcomhréir le hAirteagal 94(3) de OCR, liosta dá NRLanna comhfhreagracha a bheidh ainmnithe ag na Ballstáit a fhoilsiú ina réimse fócais faoi seach.

    3.3.2.   Liosta EURLanna agus EURCanna

    Foilsíonn an Coimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 99(1) de OCR, liosta atá tugtha cothrom le dáta d’ainmneacha agus de sheoltaí EURLanna ainmnithe (https://food.ec.europa.eu/horizontal-topics/european-union-reference-laboratories_ga) agus EURCanna (le haghaidh leas ainmhithe: https://food.ec.europa.eu/animals/animal-welfare/eu-reference-centres-animal-welfare_ga) ar a shuíomh gréasáin.

    3.3.3.   Príobháideachas sonraí

    Agus faisnéis NRLanna (na Ballstáit) nó EURLanna (an Coimisiún Eorpach) á foilsiú, tá feidhm ag rialacha an Aontais maidir le cosaint sonraí (Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26) agus Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (27), faoi seach). Ní fhéadfar faisnéis maidir le daoine nádúrtha a fhoilsiú gan a dtoiliú. Mar dhea-chleachtas, níor cheart ach faisnéis teagmhála ghinearálta (e.g. seoladh, bosca ríomhphoist feidhmiúil) saotharlainne a fhoilsiú, ós rud é go gcomhlíontar go leordhóthanach léi na hoibleagáidí foilsitheoireachta a leagtar síos in Airteagail 94(3), 99(1) agus 100(4) de OCR.

    3.4.   Tuairisciú agus rialuithe an Choimisiúin

    3.4.1.   EURLanna agus EURCanna

    I gcomhréir le hAirteagal 99(3) de OCR, beidh EURLanna agus EURCanna faoi réir rialuithe an Choimisiúin chun fíorú a dhéanamh ar chomhlíontacht le ceanglais Airteagail 93(3) agus 94 de OCR le haghaidh EURLanna, agus Airteagail 95(3) agus 97(3) de OCR le haghaidh EURCanna.

    Is é an cleachtas atá ag an gCoimisiún faoi láthair an méid seo a leanas a dhéanamh, mar chuid dá rialuithe: athbhreithniú doiciméadach ar thuarascálacha ar bhonn chláir oibre bhliantúla nó ilbhliantúla EURLanna agus EURCanna;

    athbhreithniú doiciméadach ar thuarascálacha airgeadais bliantúla.

    Ina theannta sin, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh rialuithe a dhéanamh ar an láthair ar bhonn cás ar chás, chun fíorú a dhéanamh ar chomhlíontacht na saotharlann leis na critéir ainmniúcháin agus chun a fhíorú, cé acu a rinneadh nó nach ndearnadh cláir bhliantúla nó ilbhliantúla a bhí curtha isteach a chur chun feidhme agus a thuairisciú go leordhóthanach,

    le haghaidh eilimintí nach féidir a fhíorú go héasca trí athbhreithniú doiciméadach

    má ardaítear ábhair imní le tuarascálacha nó le foinsí faisnéise eile nó má léirítear neamhchomhlíonadh leo.

    3.4.2.   NRLanna

    Níl NRLanna faoi réir rialuithe an Choimisiúin a thuairiscítear in Airteagal 99(3) de OCR. Mar sin féin, féadfar gníomhaíochtaí NRL a áireamh ar rialuithe an Choimisiúin chun fíorú a dhéanamh ar fheidhmiú chórais rialaithe na mBallstát a thuairiscítear in Airteagail 116-119 den Rialachán sin.

    3.4.2.1.   NRLanna: Tástálacha comparáideacha agus tástálacha inniúlachta idirshaotharlainne

    Déanfaidh EURLanna faireachán ar fheidhmíocht NRLanna ar bhonn tráthrialta trí thástálacha comparáideacha nó tástálacha inniúlachta idirshaotharlainne (CTanna/PTanna) i gcomhréir le hAirteagal 94(2)(c) de OCR, go háirithe i gcás inarb ann do cheanglas dlíthiúil chun modhanna áirithe a úsáid. Tá oibleagáid ar NRLanna páirt a ghlacadh in CTanna/PTanna de bhua Airteagal 101(1)(a) de OCR. I gcásanna nach ann d’aon cheanglas dlíthiúil ná aon ábhar imní sábháilteachta i ndáil leis an anailít nó leis an nguais i gceist, ba cheart do NRLanna a ndícheall a dhéanamh chun rannpháirtíocht a áirithiú in CTanna/PTanna EURL nó réasúnú a sholáthar le neamh-rannpháirtíocht.

    I gcás inar gá, is féidir le NRLanna nó EURLanna iarraidh ar NRL eile nó ar shaotharlann oifigiúil a dhéanann ionadaíocht don Bhallstát páirt a ghlacadh in CT/PT (Airteagal 94(2)(c) agus Airteagal 38(2) de OCR). I gcásanna nach ann d’aon rannpháirtíocht CT/PT nó nach nglacfaidh EURL leis an réasúnú le haghaidh neamhrannpháirtíochta, ba cheart na Ballstáit a chur ar an eolas chun beart a dhéanamh.

    Le haghaidh cásanna tearcfheidhmíochta NRL in CTanna/PTanna arna n-eagrú ag EURLanna, ba cheart nósanna imeachta leantacha iomchuí a bheith i bhfeidhm. Go ginearálta, ba cheart cur chuige dhá chéim a leanúint leis na nósanna imeachta sin. Sa chéad chéim, ba cheart a iarraidh ar NRL beart ceartaitheach a dhéanamh chun na saincheisteanna a sainaithníodh a laghdú. Sa dara céim, má thagann tearcfheidhmíocht as bearta ceartaitheacha fós, nó mura gcomhoibreoidh NRL go hiomlán chun na saincheisteanna a sainaithníodh sa chéad chéim a cheartú, ba cheart do EURL an Coimisiún a chur ar an eolas. Cinnfidh an Coimisiún cé na bearta eile atá le déanamh agus is féidir go gceanglóidh sé ar údarás inniúil an Bhallstáit beart a dhéanamh.


    (1)  Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla), (IO L 95, 7.4.2017, lgh. 1).

    (2)  Is féidir teacht ar na sainmhínithe ar “údarás inniúil” agus ar “comhlacht tarmligthe” in Airteagal 3(3) agus (5) de OCR, faoi seach.

    (3)  An sainmhíniú ar “ainmhithe”, de réir Airteagal 3(9) de OCR, sin an ceann a áirítear i bpointe (1) d’Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (IO L 84, 31.3.2016, lch. 1). Is féidir teacht ar an sainmhíniú ar “earraí” in Airteagal 3(11) de OCR.

    (4)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2124 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le rialuithe oifigiúla ar choinsíneachtaí ainmhithe agus earraí atá faoi bhealach, á dtrasloingsiú agus á n-iompar ar aghaidh tríd an Aontas, agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 798/2008, (CE) Uimh. 1251/2008, (CE) Uimh. 119/2009, (AE) Uimh. 206/2010, (AE) Uimh. 605/2010, (AE) Uimh. 142/2011, (AE) Uimh. 28/2012 ón gCoimisiún, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/759 ón gCoimisiún agus Cinneadh 2007/777/CE ón gCoimisiún (IO L 321, 12.12.2019, lch. 73).

    (5)  Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (IO L 84, 31.3.2016, lch. 1).

    (6)  Lena n-áirítear éilleáin mar a shainmhínítear i Rialachán (CEE) 315/93 ón gComhairle agus substaintí neamh-inmhianaithe mar a shainmhínítear i dTreoir 2002/32/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

    (7)  Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta i gcúrsaí sábháilteachta bia (IO L 31, 1.2.2002, lch. 1).

    (8)  Oibriú iarbhír an chomhlachta tharmligthe i gcomhréir leis na caighdeáin ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 29(b)(iv), tá fíorú le déanamh air le linn an phróisis creidiúnaithe dá dtagraítear san fhoráil sin.

    (9)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le faireachas, cláir dhíothúcháin, agus stádas saor ó ghalair i gcás galair áirithe atá liostaithe agus galair áirithe atá ag teacht chun cinn (IO L 174, 3.6.2020, lch. 211).

    (10)  Rialachán (CE) Uimh. 333/2007 ón gCoimisiún an 28 Márta 2007 lena leagtar síos na modhanna samplála agus anailíse le haghaidh rialú oifigiúil ar leibhéil luaidhe, caidmiam, mearcair, stáin neamhorgánigh, 3-MCPD agus beinsi(a)piréin in earraí bia (IO L 88, 29.3.2007, lch. 29).

    (11)  Rialachán (CE) Uimh. 401/2006 ón gCoimisiún an 23 Feabhra 2006 lena leagtar síos na modhanna samplála agus anailíse chun rialú oifigiúil a dhéanamh ar na leibhéil míceatocsainí in earraí bia (IO L 070, 9.3.2006, lch. 12).

    (12)  Rialachán (CE) Uimh. 152/2009 ón gCoimisiún an 27 Eanáir 2009 lena leagtar síos na modhanna samplála agus anailíse chun rialú oifigiúil a dhéanamh ar bheatha (IO L 54, 26.2.2009, lch. 1).

    (13)  Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 165, 30.4.2004, lch. 1), aisghaireadh é le Rialachán (AE) 2017/625 an 14 Nollaig 2019.

    (14)  https://ec.europa.eu/eusurvey/runner/contactform/DGSANTE_official_labs_R2017_625

    (15)  “Raon feidhme creidiúnaithe solúbtha”: An raon feidhme creidiúnaithe a léirítear chun a cheadú do chomhlachtaí um measúnú comhréireachta athruithe a dhéanamh ar mhodheolaíocht agus ar pharaiméadair eile a thagann laistigh d’inniúlacht an chomhlachta um measúnú comhréireachta arna dheimhniú ag an gcomhlacht creidiúnaithe (ISO/IEC 17011:2017).

    (16)  Guidelines on minimum recommendations for official laboratory appointed for the detection of Trichinella in meat [Treoirlínte maidir le moltaí íosta le haghaidh saotharlann oifigiúil arna ceapadh chun Trichinella a bhrath i bhfeoil]: https://ec.europa.eu/food/system/files/2021-10/biosafety_fh_legis_guidance_min-recom-trichinella-meat_en.pdf

    (17)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1353 ón gCoimisiún an 17 Bealtaine 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na cásanna agus na coinníollacha faoina bhféadfaidh údaráis inniúla saotharlanna oifigiúla a ainmniú nach gcomhlíonann na coinníollacha maidir leis na modhanna ar fad a úsáideann siad le haghaidh rialuithe oifigiúla nó gníomhaíochtaí oifigiúla eile (IO L 291, 13.8.2021, lch. 20).

    (18)  https://ec.europa.eu/eusurvey/runner/contactform/DGSANTE_official_labs_R2017_625

    (19)  Liostaítear 8 (ocht) gcatagóir d’ainmhithe agus earraí i bpointí I go VIII de Chaibidil I d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le OCR.

    (20)  Liostaítear 5 (cúig) chatagóir de ghníomhaíochtaí i bpointí I go V de Chaibidil II d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le OCR.

    (21)  CBAE, an 19 Nollaig 2019, Exportslachterij J. Gosschalk, C-477/18 agus C-478/18, mír 66.

    (22)  Ó dháta foilseacháin an Fhógra seo, níor ainmníodh aon EURC le haghaidh bharántúlacht agus shláine an tslabhra agraibhia.

    (23)  IO L 29, 31.1.2020, lgh. 7.

    (24)  “Raon feidhme creidiúnaithe solúbtha”: An raon feidhme creidiúnaithe a léirítear chun a cheadú do chomhlachtaí um measúnú comhréireachta athruithe a dhéanamh ar mhodheolaíocht agus ar pharaiméadair eile a thagann laistigh d’inniúlacht an chomhlachta um measúnú comhréireachta arna dheimhniú ag an gcomhlacht creidiúnaithe (ISO/IEC 17011:2017).

    (25)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1353 ón gCoimisiún an 17 Bealtaine 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na cásanna agus na coinníollacha faoina bhféadfaidh údaráis inniúla saotharlanna oifigiúla a ainmniú nach gcomhlíonann na coinníollacha maidir leis na modhanna ar fad a úsáideann siad le haghaidh rialuithe oifigiúla nó gníomhaíochtaí oifigiúla eile (IO L 291, 13.8.2021, lch. 20).

    (26)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

    (27)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).


    Top