Jump to content

Arm na Breataine

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaArm na Breataine
(en) British Army Cuir in eagar ar Wikidata
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálarm Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Téann in áitArm Shasana Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta a bunaíodh1707
Rialachas corparáideach
MáthaireagraíochtFórsaí Armtha na Breataine Cuir in eagar ar Wikidata
Úinéir de
Cuid deFórsaí Armtha na Breataine Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinhttps://army.mod.uk
Facebook: britisharmy Twitter: BritishArmy Instagram: britisharmy Youtube: UCUFdrH02-ueNtM_h7Dr03Xw Musicbrainz: f8a1678c-ae6b-46da-be95-7417a98d2613 Cuir in eagar ar Wikidata

Arm na Breataine ar ceann de na hairm is mó ar fud an domhain. Is é an brainse cos-slua d'Fhórsaí Armtha na Breataine.

Tháinig sé ar an bhfód sa bhliain 1707, nuair a ceanglaíodh Arm Shasana agus Arm na hAlban dá chéile, agus an dá thír sin á n-aontú leis an Ríocht Aontaithe a dhéanamh. San arm nua, bhí reisimintí ag teacht le chéile a bhí ann roimh aontú an dá arm, agus an t-iomlán acu á rialú ó Oifig na Cogaíochta i Londain.

Sa lá atá inniu ann

[cuir in eagar | athraigh foinse]

In Aibreán 2007, bhí 110,580 saighdiúir lánaimseartha san Arm, chomh maith le 38,460 saighdiúir páirtaimseartha. Is gnách an tArm Rialta a thabhairt ar na saighdiúirí lánaimseartha, agus is iad na saighdiúirí páirtaimseartha Arm na gCríoch (nó an Territorial Army as Béarla).

Tuaisceart Éireann

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí 8,000 saighdiúir lánaimseartha in Éirinn sa bhliain 2006, an leibhéal is lú ó na 1960í anuas.