Jump to content

Kantō

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilKantō
関東地方 (ja) Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata

Ainmnithe in ómósKantō Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 36° 10′ N, 139° 47′ E / 36.17°N,139.78°E / 36.17; 139.78
Stát ceannasachan tSeapáin Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán43,284,547 (2017) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús1,334.96 hab./km²
Tíreolaíocht
Cuid deKantō and Kōshin'etsu region (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla32,423.9 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama

Réigiún de chuid na Seapáine is ea Kantō (関東地方). Tá sí suite i lár na tíre, timpeall Bhá Thóiceo, ar oileán Honshu. Bhí 42,607,375 duine ina gcónaí i Kantō (daonáireamh 2010). Tá seacht Maoracht san Reigiún seo, is iad: Gunma, Tochigi, Ibaraki, Saitama, Tóiceo, Chiba, agus Kanagawa.

léirscrios i nGinza
Cuimhneachán inniu

Tharla crith talún in Kantō (関東大震災 Kantō daishinsai) in iarthar na tíre ar an 1 Meán Fómhair 1923. Ba é an an crith talún is mheasa sa tSeapáin leis na céadta.

Maraíodh b'fhéidir 143,000 duine, in iomlán. Leagadh foirgnimh, bhuail súnámaí an tír agus chuaigh na cathracha trí thine.[1] Bhí an iliomad dóiteán ann, a scaipeadh ag na gaotha láidre, agus scriosadh sean-Tóiceó is Yokohama.

Sin ráite, ní raibh ann ach 7.9 ar an scála méide na móiminte agus tharla creathanna talún eile a bhí i bhfad níos láidre, roimh 1923 agus ina dhiaidh, gan an costas céanna.

Níos déanaí, bhain réabadh ollmhór sóisialta. D'éirigh an tsochaí sa tSeapáin níos coimeádaí agus tháinig an t-údarásaíochas chun cinn.[2]

  1. Hussey, Matt (2011). "Crith talún Kantō". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 384.
  2. Smithsonian Magazine, Joshua Hammer. "The Great Japan Earthquake of 1923" (en). Smithsonian Magazine. Dáta rochtana: 2024-09-01.

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]